Ceanglais Fheabhsaithe Tuairiscithe na gCoimisinéirí Ioncaim
Leis an Acht Airgeadais, 2022, tugadh isteach Alt 897C lena gceanglaítear ar fhostóirí mionsonraí faoi chostais agus sochair áirithe a thugtar d’fhostaithe agus do stiúrthóirí a thuairisciú. Cuireadh tús leis an gceanglas chun na mionsonraí faoi na costais agus na sochair sin a thuairisciú ar an 1 Eanáir 2024.

