Turais Scoile — Na Rialacháin agus na Ceanglais a Chomhlíonadh
Tagann an treoirlíne seo in ionad threoirlíne P06-2024/2025-Turais Scoile — Rialacháin agus Riachtanais a Chomhlíonadh. Níl aon athrú tagtha ar na cleachtais a mholtar sa treoirlíne seo.
1. Réamhrá
Is é is cuspóir na treoirlíne seo an cleachtas is fearr maidir le gnéithe airgeadais de thurais scoile a mheabhrú do scoileanna. Ní mór don bhord bainistíochta a chinntiú go gcloítear leis na riachtanais go léir atá leagtha amach sa treoirlíne seo. Baineann an treoirlíne le turais ar oileán na hÉireann agus lasmuigh d’oileán na hÉireann.

