P07-26: Turais Scoile
Turais Scoile — Na Rialacháin agus na Ceanglais a Chomhlíonadh
(Tagann an treoirlíne seo in ionad threoirlíne P07-2025/2026- Turais Scoile — Rialacháin agus Riachtanais a Chomhlíonadh.)
1. Réamhrá
Is é is cuspóir na treoirlíne seo an cleachtas is fearr maidir le gnéithe airgeadais de thurais scoile a mheabhrú do scoileanna. Ní mór don bhord bainistíochta a chinntiú go gcloítear leis na riachtanais go léir atá leagtha amach sa treoirlíne seo. Baineann an treoirlíne le turais ar oileán na hÉireann agus lasmuigh d’oileán na hÉireann.
2. Nósanna Imeachta & Rialuithe Airgeadais le haghaidh Turais Scoile
2.1 Ráiteas Beartais ar Thurais Scoile
Ba cheart don bhord bainistíochta a chinntiú go n-ullmhaítear ráiteas beartais soiléir ar thurais scoile chun treoir a thabhairt don fhoireann, do scoláirí agus do tuismitheoirí/caomhnóirí.
2.2 An Próiseas Ceadaithe
Caithfear cead a fháil ón mbord bainistíochta do gach turas agus aistear scoile sula ndéanfar aon socruithe.
2.3 Nithe le Cur sa Mheá ag an mBord
Ba cheart don bhord bainistíochta, don Phríomhoide agus do na baill foirne machnamh go cúramach ar na nithe seo a leanas sula gceadófar turas:
- Na socruithe soláthair foirne don turas agus don scoil i rith an turais.
- Na rialuithe airgeadais agus an gá atá le freagracht.
- Ceanglais dhlíthiúla do thurais lasmuigh den Stát (más bainteach).
2.4 Fógra don Bhord Bainistíochta
Ba cheart an bord bainistíochta a chur ar an eolas ar thurais scoile atá ar na bacáin sula ndéanfar cumarsáid le scoláirí agus le tuismitheoirí/caomhnóirí.
2.5 Critéir Turais
Ba cheart don bhord bainistíochta na nithe a leanas a chinntiú sula ndéanfar turas a údarú:
- Ba cheart costas iomlán an turais a chur in iúl do na tuismitheoirí/caomhnóirí chomh luath agus is féidir.
- Ní mór clúdach dóthanach árachais a bheith i bhfeidhm.
- Ní mór cead i scríbhinn a fháil ó thuismitheoirí/caomhnóirí gach scoláire a ghlacfaidh páirt sa turas.
- Ní foláir socruithe a dhéanamh do scoláirí nach mbeidh ag glacadh páirte sa turas agus do ranganna aon mhúinteoirí a bheidh as láthair. Léigh tuilleadh…
Tuilleadh eolais:
-
Íoslódáil an treoir iomlán “P07-26: Turais Scoile” (PDF) anseo
-
Féach ar an treoir ar shuíomh an FSSU anseo

