P06 – 25: Turais Scoile — Na Rialacháin agus na Ceanglais a Chomhlíonadh

Jill Mc Mahon

03/10/2024

Airgeadas | Cóiríocht | Nuacht ar Fad

Turais Scoile — Na Rialacháin agus na Ceanglais a Chomhlíonadh

Is é is cuspóir na treoirlíne seo an cleachtas is fearr maidir le gnéithe airgeadais de thurais scoile a mheabhrú do scoileanna. Ní mór don bhord bainistíochta a chinntiú go gcloítear leis na riachtanais go léir atá leagtha amach sa treoirlíne seo. Baineann an treoirlíne le turais ar oileán na hÉireann agus lasmuigh d’oileán na hÉireann.