P05-2026/27: Nuashonrú ar Chairt Cuntas FSSU
Tá cairt na gcuntas nuashonraithe don scoilbhliain nua ón 1 Meán Fómhair 2026 go dtí an 31 Lúnasa 2027. Tá cairt na gcuntas ar fáil ar shuíomh gréasáin FSSU, cliceáil anseo.
Réamhrá
Tá cairt na gcuntas nuashonraithe don scoilbhliain nua ón 1 Meán Fómhair 2026 go dtí an 31 Lúnasa 2027. Tá cairt na gcuntas ar fáil ar shuíomh gréasáin FSSU, cliceáil anseo.
Tabhair do d’aire go bhfuil na hathruithe go léir nuashonraithe ar Theimpléad Tuairiscithe Míosúil FSSU 2026/2027. Cliceáil anseo le haghaidh Theimpléad Tuairiscithe Mhíosúil 2026/2027.
Tá liosta athruithe leagtha amach sna táblaí in Aguisín 1 a ghabhann leis an treoirlíne seo.
- Tábla A: Cuntais ainmniúla nua curtha le cairt na gcuntas.
- Tábla B: Cóid ainmniúla atá bainte agus nár chóir a úsáid a thuilleadh.
- Tábla C: Athruithe ar an gcur síos ar chóid ainmniúla.
Tá sé tábhachtach go ndéantar cairt chuntas na scoile a ailíniú le Cairt Chuntas FSSU agus nach n-athainmnítear nó nach n-úsáidtear na cóid seo chun críocha eile.
Úsáidfidh cuntasóir/iniúchóir seachtrach na scoile cairt athbhreithnithe na gcuntas nuair a bheidh cuntais bhliantúla na scoile don bhliain dar críoch an 31 Lúnasa 2027 á n-ullmhú. Tá tairseach aighneachta ar líne an FSSU do chuntasóirí chun cuntais na scoile a chomhdú a bheidh ailínithe le cairt athbhreithnithe na gcuntas. Dá bhrí sin, moltar duit liosta reatha na gcód ainmniúil i bpacáiste cuntas do scoile a chur i gcomparáid le cairt na gcuntas athbhreithnithe lena chinntiú go bhfuil siad ailínithe le chéile.
Ba cheart do scoileanna a úsáideann pacáiste bogearraí cuntasaíochta amhail Sage 50 nó Surf Accounts a leabhrán úsáideora nó a soláthraí bogearraí a cheadú chun treoracha a fháil faoi na athruithe sin a dhéanamh.
Chun tuilleadh eolais nó soiléiriú a fháil
Déan teagmháil leis an FSSU le do thoil má tá tuilleadh treorach agus tacaíochta uait maidir le hailíniú chairt na gcuntas.
- An tAonad um Sheirbhísí Tacaíochta Airgeadais
- Guthán: 01-910 4020
- primary@fssu.ie
Íoslódáil an treoirlíne iomlán (PDF) anseo.

