P04: Cuntais Dheireadh na Bliana 2024/2025 a Ullmhú

Jill Mc Mahon

24/09/2025

Airgeadas | Ciorcláin | Nuacht ar Fad

P04: Cuntais Dheireadh na Bliana 2024/2025 a Ullmhú

Tá sé de dhualgas ar bhoird bhainistíochta bunscoileanna cuntais bhliantúla a ullmhú gach bliain. Ní mór cuntasóir nó iniúchóir seachtrach a fhostú chun na cuntais a chomhlánú agus a chur faoi bhráid an FSSU faoin 28 Feabhra tar éis dheireadh na bliana scoile.

I gcás cuntais bhliantúla a chomhdaítear tar éis an 28 Feabhra 2026, measfar go bhfuil boird na scoileanna sin ag sárú Alt 18 den Acht Oideachais 1998 agus mar thoradh air sin roghnófar an scoil le haghaidh iniúchta.