P03-26: Cuntais Dheireadh na Bliana 2025/2026
Ciorcláin mar gheall ar chuntais dheireadh na bliana 2025/2026 a ullmhú.
Réamhra:
Faoi Alt 18 den Acht Oideachais, 1998, tá sé de dhualgas ar bhoird bhainistíochta bhunscoile cuntais bhliantúla a ullmhú gach bliain.Ní mór cuntasóir nó iniúchóir seachtrach a fhostú chun na cuntais a chomhlánú agus a chur faoi bhráid an FSSU faoin 28 Feabhra tar éis dheireadh na bliana scoile.
I gcás cuntais bhliantúla a chomhdaítear tar éis an 28 Feabhra 2027, measfar go bhfuil boird na scoileanna sin ag sárú Alt 18 den Acht Oideachais 1998 agus mar thoradh air sin roghnófar an scoil le haghaidh iniúchta.
Acmhainn le hullmhú do dheireadh na bliana
Is é cuspóir na treoirlínte seo cúnamh a chur ar fáil do scoileanna maidir leis na cuntais agus na taifid a ullmhú don chuntasóir seachtrach. Beidh an méid seo a leanas i gceist:
- Tugtar amlíne mholta le haghaidh gach céime in (Aguisín 1).
- Seicliosta dheireadh na bliana chun a chinntiú go bhfuil na tascanna riachtanacha go léir críochnaithe (Aguisín 2).
Sula seolann tú do thaifid chuig an gcuntasóir seachtrach, ba cheart duit a chinntiú go bhfuil gach idirbheart don bhliain 2025/2026 taifeadta i dTeimpléad Tuairiscithe Míosúil FSSU nó i gcóras cuntasaíochta eile atá comhlíontach de réir FSSU. Ar an mbealach sin, is féidir a áirithiú go bhfuil na tuairiscí airgeadais agus na postálacha deireadh bliana chomh cruinn agus is féidir.
Comhlíonann Teimpléad Tuairiscithe Míosúil FSSU riachtanais tuairiscithe na mbord bainistíochta agus tacaíonn foireann FSSU go hiomlán leis. Sa Teimpléad Tuairiscithe Míosúil FSSU, baintear úsáid as na cóid chaighdeánacha um Chairt Chuntas a bheidh de dhíth ón gcuntasóir seachtrach agus cuntais á gcur faoi bhráid FSSU aige/aici.
Tá treoir chuimsitheach, chéim ar chéim, faoi conas próiseas dheireadh na bliana a thabhairt chun críche ar fáil ag na naisc seo a leanas:
- Seimineár Gréasáin – Ag Ullmhú do Dheireadh na Bliana
- Sleamhnáin don Chur i Láthair – Ag Ullmhú do Dheireadh na Bliana
- Seicliosta Dheireadh na Bliana

