Dátaí Tábhachtacha i Scoilbhliain 2025/2026
T á an FSSU tar éis sceideal a chur le chéile de na dátaí tábhachtacha a bhaineann le tuairisceáin do na Coimisinéirí Ioncaim agus ullmhú agus cur isteach cuntas bliantúil airgeadais. Is iad na dátaí thíos na dátaí deiridh ar chóir na tuairisceáin a thíolacadh agus a íoc ar ROS, is é sin is féidir tuairisceáin a thíolacadh roimh an 23ú lá den mhí. Athraíonn minicíocht an tíolactha ó scoil go scoil, is é go bhfuil roinnt scoileanna socraithe suas do thuairisceáin mhíosúla CCI agus íocaíochtaí ÍMAT/ SPC/MSU/CMÁ, agus déanann roinnt eile na tuairisceáin a thíolacadh go ráithiúil. Áirítear sa tábla thíos na dátaí le haghaidh tuairisceáin mhíosúla agus ráithiúla araon – ná roghnaigh ach na tuairisceáin a bhaineann le do scoil.

