Tuairisceán CBL Bliantúil ar Shonraí Trádála (RTD) don Bhliain dar críoch 31 Lúnasa 2026
De réir Rialachán 24(1) de na Rialacháin maidir le Cáin Bhreisluacha 2010 éilítear ar scoileanna foirm an Tuairisceáin bhliantúil ar Shonraí Trádála (TST) a chur faoi bhráid na gCoimisinéirí Ioncaim gach bliain.
Céard í foirm TST CBL?
Cuireann an Tuairisceán CBL Bliantúil ar Shonraí Trádála (RTD) miondealú ar fáil de luach, gan CBL san áireamh, soláthar earraí agus seirbhísí atá infheidhme le linn na bliana.
Conas a bhaineann sé sin le scoil?
Má bhí córas Frithmhuirir CBL i bhfeidhm ag an scoil le haghaidh fochonraitheoirí agus gur chuir sí tuairisceáin CBL chuig na Coimisinéirí Ioncaim i rith na bliana, ní mór don scoil luach gan CBL na n-earraí agus/nó seirbhísí a fuarthas ó na fochonraitheoirí a bhreacadh ar an bhfoirm TST CBL.
Mura bhfuil aon CBL íoctha ag an scoil leis na Coimisinéirí Ioncaim i rith na bliana reatha, bíonn an fhoirm CBL RTD le chomhdú fós. Sa chás seo, ba chóir duit tic a chur sa bhosca dar teideal “Gan Sonraí Trádála le Dearbhú”. Tá tuilleadh eolais ar fáil thíos.
Conas a chuireann tú an TST CBL isteach?
Cuirtear an foirm an Tuairisceáin bhliantúil ar Shonraí Trádála CBL isteach trí Sheirbhís ar Líne na gCoimisinéirí Ioncaim. Féadfaidh na Coimisinéirí Ioncaim pionós a ghearradh mura ndéantar tuairisceán a chomhdú.

