Oiliúint do Mheasúnóirí Neamhspleácha PC1/PC2

Jill Mc Mahon

11/05/2023

Boird Bhainistíochta | Earcaíocht | Imeachtaí | Nuacht ar Fad | Oiliúint

Maidir le hagallaimh PC1/PC2 is gá measúnóirí neamhspleácha a roghnú ón liosta aontaithe idir AFP agus an INTO. Tá liosta reatha na measúnóirí neamhspleácha d’agallaimh PC1/PC2 glanta anois.
Beidh an chéad sheisiún oiliúna ar siúl Dé Céadaoin 24 Bealtaine do mheasúnóirí neamhspleácha (sonraí agus nasc clárúcháin sa cheangaltán).

 

Tar éis na hoiliúna, cuirfear ainmneacha ar liosta aontaithe nua.
Critéir don Oiliúint:
  1. Ar a laghad 5 bliana taithí i mbunscoil nó san earnáil oideachais
  2. Gan a bheith éirithe as an gcóras bunoideachais níos faide ná 5 bliana
  3. Líofacht sa Ghaeilge
  4. Bheith in ann comhoibriú mar bhall den bhord agallaimh
  5. Bheith in ann taisteal chuig na scoileanna
Iarraimid oraibh daoine a spreagadh chun freastal ar an seisiún luachmhar seo.