Cad is ‘Oide’ ann?
Is seirbhís tacaíochta nua de chuid na Roinne Oideachais do scoileanna í Oide, a bunaíodh ó chomhtháthú ceithre sheirbhís tacaíochta atá ann cheana féin, an Lárionad um Cheannaireacht Scoile, an tSraith Shóisearach do Mhúinteoirí, an Clár Náisiúnta Ionduchtaithe do Mhúinteoirí agus an tSeirbhís um Fhorbairt Ghairmiúil do Mhúinteoirí.
Tacóidh Oide le foghlaim ghairmiúil múinteoirí agus ceannairí scoile ag leibhéil na bunscoile agus na hiar-bhunscoile i ngach scoil aitheanta ag an Roinn Oideachais agus i bhforais oideachais in Éirinn.
Tá sé mar aidhm ag Oide cultúr foghlama gairmiúla leanúnaigh a chothú i measc múinteoirí agus ceannairí scoile mar chuid d’fhorbairt leanúnach na scoileanna, ag spreagadh foghlama ar feadh an tsaoil, cleachtais athmhachnaimh agus cleachtais ar bhonn fiosraithe. Cuirfidh obair Oide le feabhsú scoile trí eispéiris, ábhair tacaíochta agus acmhainní foghlama gairmiúla ar ardchaighdeán a sholáthar a bhaineann le forbairtí curaclaim agus le spriocanna oideachais agus tosaíochtaí náisiúnta níos leithne.