PREASRÁITEAS: Ó Bhunú go Bláthú Fás na gaelscolaíochta & An Foras Pátrúnachta

Jill Mc Mahon

15/05/2025

Imeachtaí | Nuacht ar Fad

Dónal Ó Conaill, Caoimhín Ó hEaghra, Pádraig Ó Duibhir, Anna Heussaff, Breandán Mac Cormaic, Jacqueline Ní Fhearghusa (Seoladh Leabhar An Foras Pátrúnachta | Grianghrafadóir Cathal Mac an Bheatha)

Seoladh Leabhair: Ó Bhunú go Bláthú: Fás na gaelscolaíochta & An Foras Pátrúnachta le hAnna Heussaff

 

Tá an leabhar á fhoilsiú mar chuid de cheiliúradh 30 bliain An Foras Pátrúnachta.  

Seoladh leabhar staire “Ó Bhunú go Bláthú: Fás na gaelscolaíochta agus An Foras Pátrúnachta” sa Seomra Caidrimh ar Champas Phádraig ag ócáid láinseála aréir. 

Is chun oideachas lán-Ghaeilge den scoth a chothú, a fhorbairt agus a leathnú in Éirinn agus chun rogha nua pátrúnachta a chur ar fáil a bunaíodh an Foras Pátrúnachta sa bhliain 1993.

“Tá ríméad orainn go bhfuil an leabhar seo á fhoilsiú anois agus breis is 30 bliain bainte amach againn mar eagraíocht”, a dúirt Caoimhín Ó hEaghra, Ard-Rúnaí An Foras Pátrúnachta. “Beartaíodh go bhfoilseofaí leabhar mar chur síos agus mar cheiliúradh ar an obair a baineadh amach mar phátrún ar scoileanna lán-Ghaeilge agus ar éachtaí móra na mblianta sin. Táimid fíorbhuíoch go raibh Anna Heussaff sásta tabhairt faoin leabhar seo a scríobh”.

Cuireadh agallaimh ar bhunaitheoirí agus ar bhaill foirne An Foras Pátrúnachta mar aon le príomhoidí ar fud na tíre agus an leabhar seo á chur le chéile. Chuir Anna Heussaff a cruth scéalaíochta ar an iliomad téamaí agus í ag tarraingt freisin ar a cuid tuiscintí mar iar-iriseoir agus mar iarbhall de bhord bainistíochta gaelscoile.

Dúirt Heussaff, “Bíonn na gaelscoileanna á moladh go hard na spéire ag a lán polaiteoirí sa lá inniu ach bhí bacanna le sárú agus cathanna le troid go rímhinic ar a son, agus pobail áitiúla ar fud na tíre ag obair go fíordhian in éineacht leis an bhForas Pátrúnachta  le buntáistí na gaelscolaíochta a chur ar fáil. Tá éachtaí móra bainte amach mar a insítear sa leabhar, ach fós tá na mílte páistí ag fás aníos gan ghaelscoil ná gaelcholáiste atá á éileamh  ina gceantar féin.”

Clúdaíonn na caibidil neart gnéithe den ghaelscolaíocht; an géarghá a bhí ann pátrún lán-Ghaeilge a bhunú, fás na ngaelscoileanna ó shin, éiteas na Gaeilge agus sainmheoin na scoileanna, constaicí is dúshláin, cóiríocht, meánscolaíocht agus neart eile.

Is léir ón leabhar seo go raibh an Ghaeilge mar bhunchloch na heagraíochta agus go raibh cuimsiú pobail mar sprioc ag An Foras Pátrúnachta i gcónaí. Dúirt Príomhfheidhmeannach COGG, Jacqueline Ní Fhearghusa, “An rud ab iontaí faoin bhForas ná go raibh sé go hiomlán oscailte ó thaobh creidimh de agus d’fhéadfadh aon rud teacht ina threo, bhí an t-uafás solúbthachta ag baint leis an múnla a leag Breandán Mac Cormaic síos.”

Bhí Breandán Mac Cormaic ina Chathaoirleach ar An Foras Pátrúnachta 1993 – 1999 – dúirt sé, “…”

Tá buíochas mór ag dul do gach duine a ghlac páirt sa togra agus tá dóchas ag Ó hEaghra do thodhchaí na gaelscolaíochta, “Tá na mílte daoine ar fud na tíre a chuireann a gcroí, a n-anam agus a gcuid allais i mbunú scoileanna, ar bhoird bhainistíochta, mar mhúinteoirí, mar thuismitheoirí, mar dhaltaí agus mar thacaitheoirí pobail. Is éard atá uainn go léir ná go mbeidh ár dteanga dhúchais i gcroílár an chórais oideachais agus an chultúir atá againn mar Éireannaigh de gach cúlra.”

Tá an leabhar ar fáil go digiteach anois ar shuíomh An Foras Pátrúnachta ag an nasc seo.

Tá An Foras Pátrúnachta an-bhuíoch do COGG as a n-urraíocht do chur i gcló an leabhair seo.

Buíochas le Cathal Mac an Bheatha don ghrianghrafadóireacht ag an ócáid láinseála 14.05.25 (gailearaí ar fáil anseo).

CRÍOCH

NÓTAÍ DON EAGARTHÓIR 

Is é An Foras Pátrúnachta an pátrún is mó in Éirinn ar scoileanna lán-Ghaeilge ag an gcéad agus an dara leibhéal. Tá 80 scoil faoina phátrúnacht. Tá An Foras Pátrúnachta ina phátrún ar scoileanna lán-Ghaeilge a bhfuil éiteas Caitliceach, Ilchreidmheach, Ionchreidmheach agus Idirchreidmheach (Caitliceach / Protastúnach) acu. Is eagraíocht bainistíochta aitheanta é An Foras Pátrúnachta freisin. Is mian linn líon na scoileanna lán-Ghaeilge a fhás ionas go mbeidh gach tuismitheoir a roghnódh oideachas lán-Ghaeilge in ann teacht ar an rogha sin dá bpáistí.

Tuilleadh eolais

Jill McMahon, Bainisteoir Cumarsáide, 083-0932977

Agallaithe áitiúla ar fáil ach iad a iarraidh