Athruithe ar Shaoire Speisialta le Pá

Jill Mc Mahon

10/02/2022

Ciorcláin | Nuacht ar Fad

Athruithe ar Shaoire Speisialta le Pá ón 7 Feabhra 2022 le haghaidh Múinteoirí agus Cúntóirí Riachtanas Speisialta atá fostaithe i mBunscoileanna agus Iarbhunscoileanna aitheanta

1.1 Leis an Nóta Faisnéise seo cuirtear fostóirí ar an eolas faoi athruithe ar Shaoire Speisialta le Pá COVID-19 don tseirbhís phoiblí, de réir mar a ordaíonn an Roinn Caiteachais agus Athchóirithe Poiblí (DPER).

1.2 Rinneadh na hathruithe seo chun na hathruithe a rinneadh le déanaí ar riachtanais na tréimhse féinaonraithe a chur san áireamh de réir na comhairle sláinte poiblí reatha.

1.3 Coinníonn DPER na rialacha a rialaíonn Saoire Speisialta le Pá COVID-19 faoi athbhreithniú agus d’fhéadfaí athrú teacht orthu arís ar ghearrfhógra.

1.4 Baineann na hathruithe sa Nóta Faisnéise seo le múinteoirí agus cúntóirí riachtanas speisialta (fostaithe) i scoileanna aitheanta, a thosaíonn ar Shaoire Speisialta COVID19 le Pá ón 7 Feabhra 2022 ar aghaidh.

1.5 Tabhair faoi deara gur chóir an Nóta Faisnéise seo a léamh i dteannta le Ciorclán 0042/2021 agus Nóta Faisnéise 0001/2022 maidir le socruithe oibre agus saoire d’fhostaithe le linn phaindéim COVID-19.

1.6 Caithfidh gach fostóir na hathruithe ar Shaoire Speisialta COVID-19 le Pá a chur i bhfeidhm láithreach agus ní mór do gach fostaí cloí leis na hathruithe seo.

1.7 Tá sé beartaithe ag an Roinn Ciorclán nuashonraithe COVID-19 a fhoilsiú go luath, chun na hathruithe le déanaí ar shocruithe oibre agus saoire d’fhostaithe a léiriú.

Léigh an litir anseo