Sa nóta seo cuirtear an treoir sláinte poiblí nua ón 28 Feabhra 2022 in iúl do scoileanna. Tuigtear go bhféadfadh sé go dteastódh am ó scoileanna chun aon choigeartuithe a dhéanamh ag brath ar a gcúinsí féin. Níltear ag súil go ndéanfar aon obair le linn an bhrisidh lár téarma.
Ar an 21 Eanáir 2022, d’fhógair an Rialtas go raibh roinnt de na bearta sláinte poiblí le maolú. Bhí na bearta um chosc agus rialú ionfhabhtuithe le fanacht i bhfeidhm i suíomhanna scoile go dtí an 28 Feabhra 2022, ionas go mbeadh deis ag gach leanbh in aois scoile vacsaíní Covid-19 a fháil.
Ar an 17 Feabhra 2022, rinne NPHET athbhreithniú ar na bearta sláinte poiblí a bhí fanta, na bearta agus na srianta um chosc agus rialú infhabhtuithe i suíomhanna scoile ina measc.
I ndiaidh breithniú géar a dhéanamh ar na sonraí eipidéimeolaíochta agus ar ábhair eile faoi mar a leagadh amach ina litir den 17 Feabhra 2022, ghlac an Rialtas le moltaí NPHET go mbainfí na srianta atá fanta maidir le caitheamh masc agus scaradh fisiciúil i scoileanna. Más mian le baill foirne nó le scoláirí leanúint orthu ag caitheamh masc nó clúdach, is féidir leo sin a dhéanamh.
Moltar go leanfaí i gcónaí le dea-bhearta um chosc agus rialú ionfhabhtuithe amhail níochán lámh, sláinteachas riospráide, agus aeráil.
Tá comhpháirteanna fíorthábhachtacha den fhreagairt chomhchoiteann do COVID-19 i bhfeidhm i gcónaí, lena n-áirítear féin-aonrú má tá comharthaí á léiriú ag duine (fiú má tá an líon iomlán vacsaíní/teanndáileoga faighte ag an duine sin) nó má fuair duine toradh deimhneach ar thástáil do COVID-19.
Go ginearálta, ba cheart go dtosódh scoileanna anois an athuair ar ghnáthnósanna scoile agus ar ghnáthghníomhaíochtaí teagaisc agus foghlama.