Nóta eolais SDF 02/2026: Meitheamh 2026 Íocaíocht Deontais Caipitíochta

Jill Mc Mahon

26/06/2026

Airgeadas | Ciorcláin | Nuacht ar Fad

Nóta eolais SDF 02/2026

Meitheamh 2026 Íocaíocht Deontais Caipitíochta chuig Bunscoileanna Aitheanta sa Scéim Saoroideachais

Réamhrá

Tugann an nóta eolais seo meabhrú do scoileanna maidir le socruithe don íocaíocht deontais caipitíochta i Meitheamh 2026. Tá eolas tábhachtach sa nóta seo faoi athrú ar ghnáthuainiú íocaíochta na bpríomhíocaíochtaí deontais caipitíochta. Tacóidh seo le sreabhadh airgid do scoileanna.

Cuspóir an Deontais Caipitíochta

Tá ciste caipitíochta beartaithe chun cur le costais laethúla na scoileanna. Mar sin de, ba cheart go mbeidh sé á úsáid chun costais míreanna amhail teas, solas, glantóireacht, árachas agus cothabháil ghinearálta sna scoileanna a íoc. Féadfar an Ciste Caipitíochta a sholáthraítear le haghaidh costais reatha ghinearálta. Féadfar ciste coimhdeach a sholáthraítear le haghaidh seirbhísí feighlíochta agus rúnaíochta a mheas mar dheontas coiteann ónar féidir leis an mbord bainistíochta leithdháileadh de réir a thosaíochtaí féin. Féach Ciorclán 0040/2009 le haghaidh tuilleadh eolais. Tá sé i gceist go bhfreastalóidh an deontas Seirbhísí Coimhdeacha ar an gcostas a bhaineann le foireann feighlíochta/rúnaíochta a fhostú. Leagtar sonraí maidir leis an deontas seirbhísí coimhdeacha amach i gciorclán ar leith atá foilsithe ar shuíomh gréasáin na Roinne. Tá na rialacháin anois i bhfeidhm do fhostaíocht rúnaithe, mar thoradh ar an gComhaontas Fórsa/CCÁO, atá ar fáil i gCiorclán 0036/2022. Ba cheart go mbeidh an ciste deontais á úsáid don chríoch dár tugadh an ciste i gcomhréir le RCPA Ciorclán 13/2014.

  • Nóta eolais SDF 02/2026: Íoslódáil an nóta iomlán (PDF) anseo

  • Féach tuilleadh eolais ar shuíomh na Roinne anseo