Foirm ar líne é Fógra Tuismitheoirí (Parents Notify) leis an gComhairle Náisiúnta um Oideachas Speisialta (an CNOS) a chur ar an eolas go bhfuil áit á lorg agat do do leanbh i Rang Speisialta nó i Scoil Speisialta. Déanfaidh an CNOS athbhreithniú ar d’eolas tar éis duit an fhoirm a sheoladh. Má shásaíonn na tuairiscí na critéir, gheobhaidh tú litir cháilitheachta, a theastaíonn nuair a chuireann tú isteach ar shocrúchán i Rang Speisialta nó i Scoil Speisialta.
Má tá litir cháilitheachta agat cheana féin, ní gá duit an fhoirm a líonadh. Déan teagmháil le d’eagraí riachtanais speisialta oideachais (SENO) chun litir cháilitheachta nuashonraithe a fháil. Mura bhfuil tú cinnte an gá duit an fhoirm a líonadh, déan teagmháil le do SENO áitiúil.
‘Sé an spriocdháta do thuismitheoirí an fhoirm a sheoladh ar ais ná Dé Céadaoin, 1 Deireadh Fómhair 2025.
-
Íoslódáil an bhileog eolais anseo (PDF)
-
Tuilleadh eolais ar shuíomh an NCSE anseo

