Tá acmhainn nua do thuismitheoirí foilsithe ag an gComhairle Náisiúnta Curaclaim agus Measúnachta (CNCM) le déanaí.
Tá ceithre bhileog leide san acmhainn, agus déanann gach ceann cur síos ar ghníomhaíochtaí spraíúla is féidir le tuismitheoirí a dhéanamh ‘as Gaeilge’ sa bhaile lena bpáistí bunscoile.
Déantar cur síos ar gach gníomhaíocht i nGaeilge agus i mBéarla agus tá gearrthóga fuaime ar fáil do chuid mhaith de na frásaí agus abairtí chomh maith.
Tá an acmhainn ar fáil anseo: https://ncca.ie/ga/bunscoil/acmhainn%C3%AD-do-thuismitheoir%C3%AD/