MyFutureFund – Córas coigiltis scoir uathchláraithe d’fhostaithe

Jill Mc Mahon

16/12/2025

Airgeadas | Boird Bhainistíochta | Ciorcláin | Nuacht ar Fad

Cad is uathchlárú ann?

Is scéim nua coigiltis scoir é uathchlárú d’fhostaithe nach bhfuil scéim pinsin san ionad oibre nó socrú pinsin breise acu cheana féin.

Níl clúdach pinsin breise ag go leor oibrithe in Éirinn, go háirithe san earnáil phríobháideach, agus, dá bharr sin, beidh siad ag brath ar an bPinsean Stáit nuair a rachaidh siad ar scor. D’fhéadfadh sé sin go dtiocfaidh laghdú ar a n-ioncam agus ar a gcaighdeán maireachtála nuair a théann siad ar scor. Méadóidh uathchlárú cumhdach pinsin agus leordhóthanacht iomlán an phinsin trí é a dhéanamh níos éasca d’fhostaithe rochtain a fháil ar scéim choigiltis scoir de réir cáilíochta.

  • Tuilleadh eolais ar fáil ar shuíomh na Roinne anseo