FOLÚNTAS: Múinteoir Ranga Príomhshrutha, Gaelscoil Longfoirt, an Longfort

Jill Mc Mahon

16/07/2026

Earcaíocht | Folúntais | Nuacht ar Fad

FOLÚNTAS: Múinteoir Ranga Príomhshrutha, Gaelscoil Longfoirt, an Longfort

Tá an folúntas seo lonnaithe i Fearann Uí Dhuagáín, an Longfort, N39 TW62

Ról:

  • Múinteoir Ranga Príomhshrutha

Scoil:

Gaelscoil Longfoirt, Fearann Uí Dhuagáín, an Longfort, N39 TW62

Is scoil de chuid An Foras Pátrúnachta í Gaelscoil Longfoirt. (Tuilleadh faoin scoil)

Spriocdháta:

Dé hAoine, 17 Iúil 2026

Iarratas & Eolas Eile:

Féadfar painéal inmheánach d’iarratasóirí oiriúnacha a bhunú chun folúntais a líonadh a d’fhéadfadh teacht chun cinn laistigh de thréimhse ama ar leith ón dáta a fhaomhfaidh an Bord an t-iarrthóir rathúil (ceithre mhí i gcás poist mhúinteora agus fad na scoilbhliana do phoist CRS).

Tá post buan agus x1 phost bliana ar téarma seasta á bhfógairt. Beidh na hagallaimh ar siúl an tseachtain dár tús 27 Iúil 2026. Glacfar le hiarratasaí trí mheán na Gaeilge amháin.

Is scoil lán-Ghaeilge í Gaelscoil Longfoirt le dhá rang speisialta uathachais. Ní mór d’iarrthóirí tacú go gníomhach le héiteas Gaelach na scoile agus a bheith tiomanta dá gcuid Gaeilge féin a fhorbairt agus a fheabhsú.

 

Tuilleadh eolais mar gheall ar mhúineadh i scoil lán-Ghaeilge: