
Tá Fighting Words na Gaeilge ag lorg meantóirí deonacha le cabhrú linn ceardlanna scéalaíochta agus drámaíochta do dhaoine óga a reáchtáil trí Ghaeilge!
Más spéis leat é, téidh i dteagmháil le Ola ag ola@fightingwords.ie
Tuilleadh Eolais:
Cuireann Fighting Words ceardlanna scéalaíochta as Gaeilge ar fáil ar fud na tíre.
Bíonn na ceardlanna ar fáil do bhunscoileanna, do mheánscoileanna, agus do ghrúpaí éagsúla eile sa phobal. Bíonn na ceardlanna ar siúl trí Ghaeilge, le béim i gcónaí ar an gcruthaitheacht, ar an tsamhlaíocht, agus ar an spraoi. Is ar an duine ina iomláine atá muid dírithe i Fighting Words, agus cuirimid luach ard ar an bhféinmhuinín agus ar mheas a léiriú dá chéile.
Is féidir linn ceardlanna a chur ar fáil ar líne tríd an gcóras Zoom, nó is féidir freastal ar cheardlann ar an láthair in Ionad Cultúrtha an Phiarsaigh i gConamara nó in Ionad Fighting Words i mBaile Átha Cliath. Bíonn gach ceardlann Fighting Words saor in aisce.
Maireann an cheardlann dhá uair an chloig. Scríobhann an grúpa tús scéil le chéile sa chéad leath den seisiún, agus ansin sa dara leath bíonn seans ag gach duine a gcuid scríbhneoireachta féin a dhéanamh- in aon seánra gur mian leo! Tugtar an seans do gach duine gabháil ag a luas féin, agus is féidir a bheith páirteach i scéalaíocht scríofa agus i scéalaíocht ó bhéal.
Ag deireadh na ceardlainne bíonn deis ag daoine a gcuid oibre a roinnt. Tugtar leabhrán do gach duine le tús an scéil agus pictiúir anmhaisitheora ann, le gur féidir leo toradh a gcuid oibre a bhreith leo abhaile.
