LITIR: Clár Sláinte Scoile – Sonraí & Faisnéis a Roinnt le FSS

Jill Mc Mahon

27/01/2025

Ciorcláin | Nuacht ar Fad

Clár Sláinte Scoile – Sonraí agus Faisnéis a Roinnt le FSS

Tagraím don litir uaim ar an 28 Lúnasa 2024 maidir le Clár Sláinte Scoile FSS agus maidir le sonraí agus faisnéis a roinnt le FSS. Tá Clár Sláinte Scoile FSS mar chuid de chlár uilíoch na hÉireann um chúram cliniciúil do gach leanbh. Áirítear leis:

  • scagadh ar radharc na súl agus ar éisteacht
  • vacsaíní
  • seiceáil fiaclóireachta lena n-áirítear seirbhís choisctheach agus cóireála

Táim ag scríobh arís anois chun nuashonrú a rinneadh le déanaí ar an reachtaíocht maidir leis na sonraí sin a roinnt a chur in iúl duit.

Rialacháin Nua

Shínigh an tAire Sláinte dhá Rialachán reachtúla nua le déanaí agus é ag feidhmiú a chumhachtaí faoi na hAchtanna Sláinte. Is iad sin:

  1. Na Rialacháin um Ghalair Aicídeacha (Leasú) (Uimh. 3), 2024; agus
  2. Na Rialacháin Sláinte (Faisnéis a Sholáthar don tSeirbhís Scrúdaithe agus Cóireála Sláinte), 2024.

Leagtar amach sna Rialacháin sin an fhaisnéis atá le cur ar fáil do FSS ag scoileanna de bhun iarratais a bhaineann le seirbhís scrúdaithe agus cóireála an Chláir Sláinte Scoile do dhaltaí agus/nó imdhíonadh faoin gClár Náisiúnta um Imdhíonadh…. Léigh tuilleadh anseo