Tumoideachais i scoil lán-Ghaeilge déantar gnó na scoile ar fad trí mheán na Gaeilge. Múintear na ranganna trí Ghaeilge, bíonn cumarsáid idir an fhoireann as Gaeilge, déantar gnó an Bhoird Bainistíochta trí Ghaeilge agus spreagtar na páistí chun Gaeilge a labhairt eatarthu féin. Neartaíonn an scoil an pobal labhartha Gaeilge taobh istigh agus taobh amuigh de gheataí na scoile. Tá na scoileanna lán-Ghaeilge oscailte, fáiltiúil agus chuige sin tacaíonn siad le tuismitheoirí páirt a ghlacadh i saol na scoile trí imeachtaí éagsúla, ó ranganna Gaeilge go Coiste na dTuismitheoirí agus a lán eile.
Tá taighde cuimsitheach déanta (MET, 1998) a chruthaíonn gurb é an modh is fearr teanga a shealbhú ná tríd an tumoideachas.
Is é an córas tumoideachais amháin atá á chur i bhfeidhm i scoileanna an Fhorais.
Ciallaíonn tumoideachas go ndéantar gach ábhar, gnó agus idirbheartaíocht sa scoil trí Ghaeilge. Ar an mbealach seo súitear isteach gach gné den teanga, rud a chiallaíonn go bhfuil sé ar chumas an dalta í a thuiscint agus í a labhairt i bhfad níos tapúla. Ní mhúintear Béarla go dtí an dara téarma sna Naíonáin Shinsir i scoileanna an Fhorais. Cruthaíonn taighde go ndéanann daltaí sa chóras seo níos fearr i scríobh agus i léamh an Bhéarla agus i léamh na Gaeilge ná an meán náisiúnta (Ó hAiniféin, (2007), Cloud, Genesee & Hamayan (2000) ).
Roghnaíonn tuismitheoirí oideachas lán-Ghaeilge ar chúiseanna éagsúla, na cúiseanna seo san áireamh:
Chomh maith leis na cúiseanna seo ar fad tá buntáistí breise ann do pháiste má fhreastalóinn sé/sí ar scoil lán-Ghaeilge. De réir taighde ar an oideachas dátheangach seo a leanas cuid de na torthaí do na daltaí a théann tríd an gcóras: