“Tá an Cumann Tuismitheoirí thar barr! Más ag tiomsú airgid chun seid rothar a thógáil, ag bácáil cístí don oíche oscailte nó ag cabhrú le tionscnaimh scoile, déanann siad an t-úafás chun leas na scoile. Bailíonn siad tuistí le chéile tríd an gcoiste agus cuireann siad go mór le hatmaisféar pobail sa scoil.”
Sandra Ní Gharbháin, Príomhoide ar Ghaelscoil Cholmcille
Tá treoir agus eolas tábhachtach sna tacaíochtaí seo a leanas do Chumainn Tuismitheoirí:
Is eagraíocht státmhaoinithe é An Chomhairle Náisiúnta Tuismitheoirí atá ar fáil chun tacú le d’fhiosraithe. Féach: http://www.npc.ie/support
Bíonn coistí creidimh ann sna scoileanna ilchreidmheacha. Tá an leabhrán eolais seo a leanas curtha le chéile againn do thuismitheoirí agus do scoileanna chun dea-chleachtas a chur chun cinn.