Jim Cummins, Ollscoil Toronto, 2001.
Bíonn dea-thionchar ag an dátheangachas ar fhorbairt teangeolaíochta agus ar fhorbairt oideachais an pháiste.
Nuair atá sé de chumas ag páiste dhá theanga nó níos mó a úsáid, bíonn tuiscint níos fearr acu ar an teanga agus ar an gcaoi a úsáidtear i gceart í. Bíonn níos mó taithí acu ar theanga a phróiseáil, go háirithe nuair atá litearthacht acu sa dhá theanga, agus bíonn siad in ann comparáid a dhéanamh idir na bealaí ina eagraíonn na teangacha an saol dóibh.
Tacaíonn breis agus 150 staidéar a rinneadh le 35 bliain anuas leis an méid a bhí le rá ag an bhfealsamh Gearmánach, Goethe. Dúir sé ‘Duine a bhfuil teanga amháin ar a dtoil acu, níl tuiscint cheart acu ar an teanga sin.’ Tugtar le tuiscint sa thaighde go bhforbraíonn páistí dátheangacha tuilleadh solúbthachta ina smaointeoireachta toisc go mbíonn eolas á bpróiseáil acu i dhá theanga éagsúil.
Ní bhíonn drochthionchar ag múinteoireacht trí mhiontheanga ar fhorbairt acadúil an pháiste sa theanga thromlaigh.
Bíonn roinnt oideoirí agus tuismitheoirí amhrasach faoi oideachas dátheangach, bíonn imní orthu go mbainfidh na cláir seo am ó theanga thromlaigh na scoile.
Léiríonn an taighde atá déanta i dtíortha éagsúla ar fud na cruinne gur féidir le cláir dhátheangacha litearthacht agus eolas ar ábhair a chur chun cinn gan aon drochthionchar a bheith acu ar fhorbairt an pháiste sa theanga thromlaigh.