Iompraíochtaí Imní A Thuiscint (Ciorclán 0042/2026)

Jill Mc Mahon

14/04/2026

Ciorcláin | Nuacht ar Fad | Riachtanais Speisialta

Ciorclán 0042/2026: Iompraíochtaí Imní a Thuiscint & Freagairt do Chásanna Géarchéime | Circular 0042/2026 Understanding Behaviours of Concern and Responding to Crisis Situations

Iompraíochtaí Imní a Thuiscint & Freagairt do Chásanna Géarchéime (Ciorclán 0042/2026)

Nuashonrú ar Shocruithe Oiliúna, Monatóireachta & Maoirseachta i leith Iompraíochtaí Imní & Cásanna Géarchéime

Ba chóir an ciorclán seo a léamh i dteannta le Ciorclán 0081/2024 a eisíodh le bheith in éindí le foilsiú na dTreoirlínte maidir le “Iompraíochtaí Imní a Thuiscint agus Freagairt do Chásanna Géarchéime” i mí na Nollag 2024. Is é cuspóir an chiorcláin seo ná nuashonruithe a thabhairt do chomhlachtaí bainistíochta scoile agus do scoileanna maidir le forbairtí a bhaineann le hoiliúint chun tacú le cur i bhfeidhm na dTreoirlínte i scoileanna, chomh maith le monatóireacht agus maoirseacht a dhéanamh ar chleachtais atá curtha i bhfeidhm cheana.

Tá sé tábhachtach do scoileanna aird a tharraingt ar an raon iomlán acmhainní breise atá curtha ar fáil, nó a chuirfear ar fáil, chun go mbeidh siad in ann freastal ar riachtanais na scoláirí agus go mbainfidh siad leas astu. Chomh maith leis na Treoirlínte maidir le hIompraíochtaí Imní a Thuiscint agus Freagairt do Chásanna Géarchéime, áirítear leo seo:

  • Treoirlínte Athbhreithnithe do Scoileanna maidir le Cóid Iompair le foilsiú ag Seirbhís Tacaíochta Oideachais Tusla (STOT).
  • Creatlach Relate arna fhoilsiú ag an gComhairle Náisiúnta um Oideachas Speisialta (CNOS) – acmhainn chun cabhrú le foireann scoile iompar a thuiscint agus tacú leis i slí níos fearr, agus caidrimh agus rialáil mar chroílár na hoibre. Tá cóip iomlán de Relate ar fáil anseo.

Tá na trí acmhainn deartha chun a chéile a chomhlánú agus chun cabhrú le scoileanna athbhreithniú a dhéanamh ar chleachtais atá ann cheana féin agus bealaí a aithint chun rannpháirtíocht scoláirí a chur chun cinn. Tá oiliúint do scoileanna maidir le creatlach Relate ar fáil ón CNOS. Tá féilire mionsonraithe FGM ag an CNOS ar féidir rochtain a fháil air ar a suíomh gréasáin. Cuirfear oiliúint ar fáil maidir le Treoirlínte STOT do Scoileanna a bhaineann le Cóid Iompair agus seolfar amach fógra faoi seo ar leithligh.

  • Íoslódáil an ciorclán iomlán “Iompraíochtaí Imní a Thuiscint & Freagairt do Chásanna Géarchéime” (PDF) anseo

 

  • Léigh Ciorclán 0081/2024 (suíomh na Roinne) anseo