Tá iarrtha ag An Foras Pátrúnachta go mbeidh ardú ar an deontas caipitíochta i scoileanna Státmhaoinithe ionas go mbeidh siad in ann a mbunriachtanais oideachasúla a chomhlíonadh.
Tá an t-iarratas céanna á lorg ag na príomhchomhlachtaí bainistíochta in Éirinn .i. go mbeidh an deontas caipitíochta tugtha ar ais go €200 in aghaidh na bliana in aghaidh an dalta agus mar sin an gearradh siar 15% ar an deontas ó 2010 a chur ar ceal.
Dúirt Ard-Rúnaí An Foras Pátrúnachta, Caoimhín Ó hEaghra, go bhfuil ardú ar an deontas riachtanach le cinntiú go mbeidh scoileanna in ann tacú leo féin gan airgead a lorg ó thuismitheoirí an bearna a líonadh níos mó.