A Phríomhoide, a chara,
Táimid ag scríobh chugat le heolas tábhachtach faoi cheimiceáin ar a dtugtar PFAS (Per- polyfluoroalkyl substances) atá le fáil i roinnt múchtóirí dóiteáin.
Tá na ceimiceáin PFAS aitheanta mar cheimiceáin dhochracha don tsláinte agus don chomhshaol, agus tá a n-úsáid srianta faoin dlí AE (Rialachán (AE) 2019/1021).
Cad atá le déanamh ag an scoil anois?
Ní mór do chonraitheoir bainistithe dramhaíola atá údaraithe go cuí, na múchtóirí dóiteáin atá ann cheana a bhainistiú go cuí.
Ón 4 Iúil 2025 tá cosc iomlán ar úsáid Múchtóirí Dóiteáin ina bhfuil PFOA.
Le haghaidh tuilleadh comhairle, moltar teagmháil a dhéanamh le conraitheoir údaraithe trealaimh dóiteáin na scoile.Moltar gníomhú láithreach chun cloí leis na rialacháin, sábháilteacht daltaí agus foirne a chinntiú, agus an comhshaol a chosaint.
Le gach dea-ghuí,
Siobhán Ní Dhúill
Bainisteoir Cóiríochta, An Foras Pátrúnachta
siobhan@foras.ie | 086-803 2226

