(alt iomlán ar fáil ar shuíomh Gaelchultúr)
Tá borradh faoin nGaeilge i measc aosaigh óga, de réir mórstaidéar náisiúnta nua a rinne Amárach Research i gcomhar le Gaelchultúr agus Údarás na Gaeltachta.
Ceannlíntí & Treochtaí an Taighde
1. Tá dearcadh agus cumas an phobail ó thaobh na Gaeilge de láidir i gcónaí
- Deir 68% de dhaoine fásta ar bhonn náisiúnta gur mian leo a gcuid scileanna Gaeilge a fheabhsú. Éiríonn an figiúr chomh hard le 74% sa Ghaeltacht.
- De réir 49% acu siúd a d’fhreagair an suirbhé, úsáideann siad an Ghaeilge i dtimpeallacht amháin ar a laghad. An comhthéacs is coitianta ina n-úsáidtear an Ghaeilge go náisiúnta agus sa Ghaeltacht ná sa bhaile.
- Tuairiscíonn 49% de dhaoine fásta ar bhonn náisiúnta go bhfuil leibhéal éigin líofachta sa Ghaeilge acu (labhairt, tuiscint nó léamh). Éiríonn sin go 60% i gcás daoine atá ina gcónaí sa Ghaeltacht.
- Roghnódh49% de dhaoine fásta oideachas trí Ghaeilge dá bpáiste dá mbeadh sé sin ar fáil ina gceantar.
2. An fuinneamh á spreagadh ag déimeagrafaic níos óige
- Tá fonn níos mó ar dhaoine faoi bhun 35 bliain d’aois a gcuid Gaeilge a fheabhsú 73%.
- Is mó seans go n-úsáidfidh aoisghrúpaí níos óige an Ghaeilge i dtimpeallacht amháin ar a laghad 52%.
- Is iad na daoine faoi bhun 25 bliain d’aois is mó a aontaíonn leis an ráiteas go n-imríonn ealaíontóirí agus pearsana poiblí a úsáideann Gaeilge tionchar dearfach ar dhearcadh daoine i leith na Gaeilge 93%.
- Tá seans níos mó ann chomh maith go mbeidh an méid seo fíor i gcás daoine fásta atá níos óige:
- Fonn orthu níos mó Gaeilge a fheiceáil in úsáid ag gnólachtaí agus eagraíochtaí poiblí – 73%
- Fonn orthu oideachas trí Ghaeilge a roghnú dá bpáistí (amach anseo) má bhíonn sé sin ar fáil 45%
- Creideann 74% de dhaoine fásta faoi bhun 25 bliain gur tábhachtach go mbeadh polaiteoirí, comhairleoirí tofa agus ionadaithe áitiúla in ann Gaeilge a labhairt.

