
Preasráiteas:
An Foras Pátrúnachta, an Pátrún is mó ar Scoileanna lán-Ghaeilge, ag tacú le Glór na nGael san fheachtas ‘Ná Dún do Shúile’ ar son Gaza
Sprioc an fheachtais ardaithe ó €20,000 go €60,000
Tá cinneadh tógtha ag Bord Stiúrtha An Foras Pátrúnachta páirt a ghlacadh san fheachtas tiomsaithe airgid ‘Ná Dún Do Shúile’, feachtas a thosaigh Glór na nGael ag tús an tsamhraidh agus atá i ndiaidh €40,000 a bhailiú cheana féin don Palestine Red Crescent Society.
“Tá aischothú faighte againn ó roinnt scoileanna a léiríonn go bhfuil frustrachas, agus fearg fiú, ar na scoilphobail ar a bhfuil ag titim amach sa Phalaistín,” a dúirt Caoimhín Ó hEaghra, Ard-Rúnaí An Foras Pátrúnachta. “Níl páistí i Gaza in ann freastal ar scoil faoi láthair. Is ceart agus is cóir go mbeadh muid ag seasamh leo.”
Beidh An Foras Pátrúnachta ag tabhairt cuireadh dá scoileanna Lá Gan Éide Scoile a rith Déardaoin, 23 Deireadh Fómhair (an lá roimh an toghchán uachtaránachta) – nó lá ar bith eile a oireann le linn mí Dheireadh Fómhair, dár ndóigh. Moltar go ndéanfaidh gach páiste a ghlacann páirt €2 (nó níos mó) a dheonú don chúis thábhachtach seo.
“Is bealach é an feachtas seo dúinne mar eagraíocht deis a thabhairt do na scoilphobail atá faoinár gcúram gníomh simplí a dhéanamh a thabharfaidh cúnamh praiticiúil agus riachtanach do Palestine Red Crescent Society ina n-iarrachtaí beatha mná, fir agus páistí a shábháil.”
Ag cur fáilte roimh an cinneadh, dúirt ceannasaí Ghlór na nGael, Lorcán Mac Gabhann, go raibh ag éirí go han-mhaith leis an bhfeachtas. Ghabh sé buíochas le gach grúpa agus duine atá tar éis tacú leis go dtí seo. “Tá an tacaíocht atá tugtha dár bhfeachtas ag coistí pobail, clubanna CLG agus líonraí teaghlaigh chomh maith le daoine aonair tar éis a bheith thar barr,” a dúirt sé. “Leanfaimid leis an bhfeachtas anois go dtí go mbeidh €60,000 ar a laghad bailithe.”
“Beidh tionchar na scoileanna ina chabhair ollmhór agus tugaim cuireadh d’aon ghrúpa nár ghlac páirt san fheachtas go dtí seo teagmháil a dhéanamh linn.”
Tá ócáid oifigiúil bhronnta socraithe ag tús mhí Dheireadh Fómhair leis an airgead atá bailithe go dáta a bhronnadh go hoifigiúil ar an Palestine Red Crescent Society ag oifigí Chrois Dhearg na hÉireann, i gcomhluadar Ambasadóir Stáit na Palaistíne in Éirinn, an Dr. Jilan Wahba Abdalmajid.
CRÍOCH
NÓTAÍ DON EAGARTHÓIR
Is é An Foras Pátrúnachta an pátrún is mó in Éirinn ar scoileanna lán-Ghaeilge ag an gcéad agus an dara leibhéal. Tá 80 scoil faoina phátrúnacht. Tá An Foras Pátrúnachta ina phátrún ar scoileanna lán-Ghaeilge a bhfuil éiteas Caitliceach, Ilchreidmheach, Ionchreidmheach agus Idirchreidmheach (Caitliceach / Protastúnach) acu. Is eagraíocht bainistíochta aitheanta é An Foras Pátrúnachta freisin. Is mian linn líon na scoileanna lán-Ghaeilge a fhás ionas go mbeidh gach tuismitheoir a roghnódh oideachas lán-Ghaeilge in ann teacht ar an rogha sin dá bpáistí.
Tuilleadh eolais:
Más mian le scoil páirt a ghlacadh sa Lá Gan Éide Scoile, seol ríomhphost chuig
Jill McMahon, Bainisteoir Cumarsáide, jill@foras.ie
Agallaithe áitiúla ar fáil ach iad a iarraidh ó An Foras Pátrúnachta (jill@foras.ie) nó Glór na nGael (dara@glornangael.ie)
