FOLÚNTAS: Rúnaí Scoile

Jill Mc Mahon

05/07/2022

Folúntais | Nuacht ar Fad

Fáiltíonn Bord Bainistíochta Ghael-Choláiste Chill Dara, Nás na Ríogh roimh iarratais ó iarrthóirí oiriúnacha don phost seo. Tosóidh an post lánaimseartha seo roimh dheireadh mhí Lúnasa 2022.
Post i meánscoil ghnóthach lán-Ghaeilge atá ann agus is gá tiomantas a léiriú d’fhís na scoile agus is gá go mbeadh ardchaighdeán Gaeilge idir labhartha is scríofa  (TEG Meánleibhéal B2 nó a chomhionann inmhianta) ag iarrthóirí agus é a bheith ar a gcumas feidhmiú go huile is go hiomlán trí mheán na Gaeilge.
 
Bheadh taithí ar an mbogearra SAGE ina chabhair. Cuirfear oiliúint bhreise ar fáil don iarrthóir a cheapfar.

Ní mór duit CV, ainmneacha beirt mholtóirí agus litir chlúdaigh i nGaeilge a sheoladh ar ríomhphost chuig iarratais@gccd.ie

Ní ghlacfar le hiarratais níos déanaí ná 5.00 i.n. an 27/07/2022

*   Is fostóir comhionannais deiseanna é Gael-choláiste Chill Dara