FOLÚNTAS: Príomhoide Tánaisteach, Gaelscoil Lir, BÁC 24
Tá an folúntas seo lonnaithe i dTeach Sagard, Baile Átha Cliath 24
Ról:
- Príomhoide Tánaisteach
Scoil:
Gaelscoil Lir, Lána Bhaile Uí Fhoirtcheirn, Teach Sagard, Baile Átha Cliath 24, D24PFV5
Is scoil de chuid An Foras Pátrúnachta í Gaelscoil Lir. (Tuilleadh faoin scoil)
Spriocdháta:
Dé Máirt, 7 Iúil 2026
Iarratas & Eolas Eile:
Is bunscoil lán-Ghaeilge atá ag forbairt í Gaelscoil Lir faoi phátrúnacht An Fhorais Phátrúnachta. Táimid ag lorg daoine díograiseacha, gairmiúla agus comhoibríoch a chuirfidh go dearfach le saol agus le forbairt na scoile. Tá Gaelscoil Lir ag bogadh isteach ina foirgneamh scoile buan nua i Lúnasa 2026, rud a thugann deis ar leith don té a cheapfar páirt lárnach a ghlacadh sa chéad chaibidil eile d’fhorbairt agus d’fhás na scoile.
Tá foireann ghairmiúil, tiomanta agus chomhoibríoch ag obair sa scoil agus tá cultúr dearfach, fáilteach agus tacúil againn ina mbíonn folláine, foghlaim agus rath gach dalta mar chroílár ár gcuid oibre.
Titeann dualgais agus freagrachtaí an phoist seo faoi na réimsí atá leagtha amach sa cháipéis Ag Breathnú ar an Scoil Againne 2022:
Réimse 1: Ceannaireacht ar fhoghlaim agus ar theagasc
Réimse 2: An eagraíocht a bhainistiú
Réimse 3: Ceannaireacht ar fhorbairt na scoile
Réimse 4: Acmhainn na ceannaireachta a fhorbairt
Ag obair go dlúth leis an bPríomhoide, leis an bhfoireann agus leis an bpobal scoile, beidh ról lárnach ag an bPríomhoide Tánaisteach i gceannaireacht agus i mbainistiú na scoile. Beidh deis aige/aici cur le fís na scoile, forbairt churaclaim agus polasaithe a threorú, tacú le forbairt ghairmiúil na foirne agus páirt ghníomhach a ghlacadh i múnlú na chéad chéimeanna eile d’fhorbairt Ghaelscoil Lir.
Má tá tú paiseanta faoin oideachas lán-Ghaeilge, faoin gceannaireacht chomhoibríoch agus faoi dheiseanna nua a chruthú do pháistí i scoil atá ag fás agus ag forbairt, bheimis an-sásta cloisteáil uait.
- Tuilleadh eolais: https://educationposts.ie/post/view/256528
Tuilleadh eolais mar gheall ar mhúineadh i scoil lán-Ghaeilge:
- An bhfuil suim agatsa múineadh i scoil lán-Ghaeilge? Féach ar an bhfíseán seo: https://www.youtube.com/watch?v=uezsgWKvvfs
- Tuilleadh folúntas i scoileanna de chuid An Foras Pátrúnachta ar fáil anseo

