Folúntas do Phríomhoide i nGaelscoil Uí Chéadaigh, Bóthar Vevay, Bré, Cill Mhantán, A98 YH48 https://www.gaelscoiluicheadaigh.ie
Beidh roghnú an iarratasóra rathúil bunaithe ar cheithre inniúlacht atá ar aon dul leis an gCreat Cáilíochta um Cheannaireacht agus Bainistíocht:
- Teagasc agus Foghlaim a Threorú
- An eagraíocht a bhainistiú
- Forbairt scoile a threorú
- Inniúlacht cheannaireachta a fhorbairt
An dáta tosaigh ná an 1 Meán Fómhair nó nuair a chomhlíonann an iarratasóir rathúil fógra éigeantach. Is scoil pháiste-lárnach í Gaelscoil Uí Chéadaigh.
Beidh duine fuinniúil, díograiseach, cineálta agus éifeachtach ag teastail chun an scoil a rith, ag tógáil ar an mbunchloch láidir atá leagtha. Ceannaire seasmhach, neamhspleách, le dea-bhreithiúnas a bheidh sa té a cheaptar. Duine atá tiománta do fhorbairt iomlán na bpáistí, d’fhoghlaim agus d’fhorbairt na foirne agus na clainnte a oibrionn leo agus don Ghaelscolaíocht.
Spriocdháta d’iarratais: Luan, 16ú Bealtaine