Is scoil de chuid An Foras Pátrúnachta í Gaelscoil Charraig na Siúire. Tá éiteas caitliceach ag an scoil agus tá sároideachas trí Ghaeilge á fháil ag daltaí na scoile. Beidh an scoil ag bogadh isteach ina foirgneamh buan ar na mallaibh.
Beidh roghnú an duine rathúil bunaithe ar cheithre inniúlacht atá ar aon dul leis an gCreat Cáilíochta um Cheannaireacht agus Bainistíocht:
- Teagasc agus Foghlaim a Threorú
- An eagraíocht a bhainistiú
- Forbairt scoile a threorú
- Inniúlacht cheannaireachta a fhorbairt
Is deis ar leith don té a cheapfar a (h)oidhreacht féin a chruthú i scoil a bhfuil fás i ndán di i bhfoirgneamh úr nua. Beifear ag súil leis go mbeidh tuiscint agus taithí ag iarratasóirí ar na dúshláin bhainistíochta a thagann leis an ról mar aon le fís a bheith acu maidir leis na deiseanna.
Glacfar le hiarratais ar ríomhphost amháin go dtí 4pm, 7 Meitheamh 2022. Táthar ag súil leis go mbeidh na hagallaimh ar siúl Dé Céadaoin 15 Meitheamh.
Tuilleadh eolais ar EducationPosts.ie