FOLÚNTAS: Príomhoide, Gaelcholáiste Phort Láirge

Jill Mc Mahon

29/06/2026

Earcaíocht | Folúntais | Nuacht ar Fad

FOLÚNTAS: Príomhoide, Gaelcholáiste Phort Láirge

Tá an folúntas seo (Príomhoide) lonnaithe i nGaelcholáiste Phort Láirge i gCúirt an Easpaig, Baile Gunnair, Port Láirge, X91 P984

Ról:

Príomhoide

Scoil:

Gaelcholáiste Phort Láirge,Cúirt an Easpaig, Baile Gunnair, Port Láirge, X91 P984

Scoil Chaitliceach Lán-Ghaeilge atá i nGaelcholáiste Phort Láirge ach a chuireann fáilte roimh gach aon ghrúpa creidimh eile chomh maith. Táimid faoi phátrúnacht an Fhorais Phátrúnachta na Scoileanna Lán-Ghaeilge. Tugtar áit do scoláirí ar an dtuiscint go bhfuil siad sásta glacadh go hiomlán le héiteas Caitliceach, Lán-Ghaeilge na scoile.

(Tuilleadh faoin scoil)

Spriocdháta:

Dé Luain, 20 Iúil 2026

Iarratas & Eolas Eile:

Cothaíonn an Príomhoide an cleachtas pobal scoile a thógáil de réir thraidisiún Gaeilge na scoile agus i gcomhréir leis na luachanna i ráiteas misin agus i bhfealsúnacht shainráite na scoile. Riachtanas gairme a bheidh ag an iarrthóir a n-éireoidh leis nó léi mar Phríomhoide ná spiorad sainiúil sonraithe na scoile a thuiscint, a chosaint agus a chur chun cinn. Beidh an Príomhoide tiomanta i dtaobh na n-éileamh a bhainfeadh le cosaint agus le cur chun cinn den sórt sin. Beidh sé/sí ag feidhmiú i gcomhréir leis an gcáilíocht i dtaca le gníomhaíocht, feidhm agus láithreacht atá leagtha síos ag an mBord Bainistíochta thar ceann na nIontaobhaithe, de réir mar is gá chun an ról seo a chomhlíonadh.

Mar chuid den inniúlacht seo, beifear ábalta cuspóirí soiléire a chur in iúl maidir leis an gcreideamh a fhorbairt sa scoil. Tabharfar áit chuí don fhorbairt creidimh mar chuid den phróiseas pleanála agus athbhreithnithe scoile uile.

Achoimre ar Inniúlachtaí

  1. Ceannaireacht i nGaelcholáiste
  2. Cultúr Iomlánaíoch Forbartha a chur chun cinn, Ceannaireacht, Foghlaim agus Teagasc san áireamh
  3. Caidreamh Idirphearsanta, Acmhainn na Ceannaireachta a Fhorbairt san áireamh
  4. Bainistíocht agus Riarachán, an Eagraíocht a Bhainistiú san áireamh
  5. Bainistíocht Straitéiseach, Ceannaireacht ar Fhorbairt na Scoile san áireamh
  6. Scileanna Féinfheasachta agus Féinbhainistíochta

Cáipéisí Cuí:

 

Eolas Ábhartha Eile