FOLÚNTAS: Príomhoide, GS na gCeithre Máistrí, Dún na nGall
Tá an folúntas seo (Príomhoide) lonnaithe i bPáirc an tSrutháin, Baile Dhún na nGall, Dún na nGall, F94 T863
Ról:
Príomhoide (Post buan)
Scoil:
Gaelscoil na gCeithre Máistrí, Páirc an tSrutháin, Baile Dhún na nGall, Dún na nGall, F94 T863
Is scoil de chuid An Foras Pátrúnachta í Gaelscoil na gCeithre Máistrí. Tá éiteas idirchreidmheach ag an scoil agus tá sároideachas trí Ghaeilge á fháil ag daltaí na scoile. Bhog an scoil isteach ina foirgneamh buan úr le déanaí, rud a chruthaíonn deiseanna fáis di.
Spriocdháta:
Dé Máirt, 2 Meitheamh 2026
Iarratas & Eolas Eile:
Is mian linn ceannaire cumasach a earcú chun tógáil ar oidhreacht cháiliúil na scoile. Beidh sárscileanna cumarsáide, ceannaireachta, bainistíochta, teanga agus teicneolaíochta ag an té a cheapfar. Beidh fís láidir acu maidir leis an gcultúr gaelach, iad ag tógáil ar bhunchloch láidir. Glacfaidh siad ceannaireacht ar chúrsaí curaclaim, ar riachtanais speisialta a fhorbairt agus ar an scoil a fhás.
Beidh roghnú an duine rathúil bunaithe ar cheithre inniúlacht atá ar aon dul leis an gCreat Cáilíochta um Cheannaireacht & Bainistíocht:
- An eagraíocht a bhainistiú
- Forbairt scoile a threorú
- Inniúlacht cheannaireachta a fhorbairt
Is é an íoslíon iarratas atá de dhíth chun go rachaidh an comórtas ar aghaidh ná triúr.
Glacfar le hiarratais ar ríomhphost amháin go dtí 4pm ar an spriocdháta. https://educationposts.ie/post/view/252911
Tuilleadh eolais mar gheall ar mhúineadh i scoil lán-Ghaeilge:
- An bhfuil suim agatsa múineadh i scoil lán-Ghaeilge? Féach ar an bhfíseán seo: https://www.youtube.com/watch?v=uezsgWKvvfs
- Tuilleadh folúntas i scoileanna de chuid An Foras Pátrúnachta ar fáil anseo
