Ba mhian le Bord Bainistíochta Ghaelscoil Átha Í cuireadh a thabhairt d’iarrthóirí cur isteach ar phost dhá bhliain mar phríomhoide gníomhach sa scoil sin. Beidh an té a cheapfar ag feidmiú ón 29ú Lúnasa go dtí’n 31ú Lúnasa 2023. Is scoil idir-chreidmheach í a thagann faoin bhForas Patrúnachta. Tá 178 dalta linn faoi lathair, 8 múinteoir ranga, 3 mhúinteoir tacaíochta, 2.5 CRS chomh maith le beirt atá ar chonradh coimhdeach.
Mar a thuigeann sibh tá Sorcha Ní Mhistéil ar iasacht leis an bhForas mar Bhainisteoir Sainspioraid agus dá bhrí sin tá an post seo ar fáil d’aon iarrthóir ar mhaith leo seal a chaitheamh mar Phríomhoide os rud é nach bhfuil an post á líonadh go hinmheánach.
Tuigimid go bhfuil cultúr agus foireann láidir in bhur scoileanna. Tuigimid freisin nár mhaith le haon scoil ceann dá gcuid múinteoirí a chailliúint ar feadh tréimhse. Ach ar mhaithe lenár scoileanna uile bheinn fíor bhuíoch dá mbeadh sibh sásta an t-eolas agus an fógra seo a chur faoi bhráid bhur foirne. Seans go mbeadh suim ag múinteoirí áirithe a gcuid taithí a roinnt agus taithí a fháil ar ról an phríomhoide.