FOLÚNTAS: Coláiste Dhún Másc, Portlaoise

Jill Mc Mahon

24/03/2022

Folúntais | Nuacht ar Fad

Tá Bord Oideachais agus Oiliúna LOETB ag lorg iarratais ó mhúinteoirí cuícháilithe do phost mar Phríomhoide, Choláiste Dhún Másc. Tosóidh an té a cheapfar sa phost seo láithreach. Bunaíodh Coláiste Dhún Másc mar choláiste pobal i 2017. Iar-bhunscoil chomhoideachais, ilchreidmheach, í faoi phátrúnacht Bhord Oideachais agus Oiliúna Laoise agus Uíbh Fhailí agus An Foras Pátrúnachta mar Chomhpháirtí Iontaobhaithe uirthi. Is scoil Bhéarla í ina bhfuil Aonad Lán-Gaeilge, áit ar féidir le scoláirí staidéar a dhéanamh ar gach ábhar trí mheán na Gaeilge.

Ba chóir go léireodh an t-iarrthóir rathúil tuiscint ar an nGaelscolaíocht agus go mbeadh sé/sí in ann dualgais an phoist a chomhlíonadh trí Ghaeilge.

Bhí clárúchán 437 ag an scoil ar 1 Meán Fómhair 2021.

Le bheith incháilithe le haghaidh ceaptha sa phost seo, ní mór d’iarrthóirí na riachtanais seo a leanas a shásamh:

  • Cáilíocht aitheanta múinteoireachta iar-bhunoideachais
  • Taithí shásúil cúig bliana ar a laghad de mhúinteoireacht lánaimseartha
  • Clarú de réir Alt 30 den Acht um Chomhairle Mhúinteoireachta, 2001

Is é an dáta deiridh chun Foirmeacha Iarratais Ríomhphoist chomhlánaithe a fháil ná 12 meán lae, Dé Máirt, 5 Aibreán 2022 chuig recruitment@loetb.ie

Foirm Iarratais Tag: DC86

Cur síos ar an bPost agus Sonraíocht an Duine

Tuilleadh eolais anseo