FOLÚNTAS: Múinteoirí Ranga Príomhshrutha

Jill Mc Mahon

24/06/2026

Earcaíocht | Folúntais | Nuacht ar Fad

FOLÚNTAS: Múinteoirí Ranga Príomhshrutha X3

Tá an folúntas seo lonnaithe i dTeach Sagard, Baile Átha Cliath 24

Róil:

  • Múinteoir Ranga Príomhshrutha – BUAN
  • Múinteoir Príomhshrutha – Post Téarma Sheasta (26 Lún 2026 – 31 Lún 2027)
  • Múinteoir Príomhshrutha – Post Forbartha Téarma Sheasta (26 Lún 2026 – 31 DF 2026)

Scoil:

Gaelscoil Lir, Lána Bhaile Uí Fhoirtcheirn, Teach Sagard, Baile Átha Cliath 24, D24PFV5

Is scoil de chuid An Foras Pátrúnachta í Gaelscoil Átha Í. (Tuilleadh faoin scoil)

Spriocdháta:

Dé hAoine, 26 Meitheamh 2026

Iarratas & Eolas Eile:

Is bunscoil lán-Ghaeilge atá ag forbairt í Gaelscoil Lir faoi phátrúnacht An Fhorais Phátrúnachta. Táimid ag lorg daoine díograiseacha, gairmiúla agus comhoibríoch a chuirfidh go dearfach le saol agus le forbairt na scoile. Tá Gaelscoil Lir ag bogadh isteach ina foirgneamh scoile buan nua i Lúnasa 2026, rud a thugann deis ar leith don té a cheapfar páirt lárnach a ghlacadh sa chéad chaibidil eile d’fhorbairt agus d’fhás na scoile.

Post Buan

  • Tá iarratais á lorg do phost buan mar mhúinteoir príomhshrutha i nGaelscoil Lir.

    Riachtanais:

  • Clárú reatha leis an gComhairle Mhúinteoireachta.
  • Ardchaighdeán Gaeilge labhartha agus scríofa.
  • Tiomantas don tumoideachas agus don oideachas lán-Ghaeilge.
  • Tuilleadh eolais: https://educationposts.ie/post/view/255297

Poist Téarmaí Seasta

Tá iarratais á lorg do na poist seo a leanas i nGaelscoil Lir don scoilbhliain 2026/2027:

  • Múinteoir Príomhshrutha – Post Téarma Sheasta (26 Lúnasa 2026 – 31 Lúnasa 2027)
  • Múinteoir Príomhshrutha – Post Forbartha Téarma Sheasta (26 Lúnasa 2026 – 31 Deireadh Fómhair 2026)

Tabhair faoi deara: Tá an post forbartha ag brath ar líon na ndaltaí a bheith deimhnithe ag an Roinn Oideachais i ndiaidh thuairisceán mhí Dheireadh Fómhair 2026. Féadfar síneadh a chur leis an gconradh má choinnítear an post.

Riachtanais:

  • Clárú reatha leis an gComhairle Mhúinteoireachta.
  • Ardchaighdeán Gaeilge labhartha agus scríofa.
  • Tiomantas don tumoideachas agus don oideachas lán-Ghaeilge.
  • Tuilleadh eolais: https://educationposts.ie/post/view/255301

Tuilleadh eolais mar gheall ar mhúineadh i scoil lán-Ghaeilge: