FOLÚNTAS: Feighlí Scoile, GS Átha Í, Cill Dara
Tá an folúntas seo lonnaithe in An Tom Ard, Baile Átha Í, Cill Dara
Ról:
Feighlí Scoile (páirtaimseartha)
Scoil:
Gaelscoil Átha Í, An Tom Ard, Baile Átha Í, Cill Dara, R14DP92
Is scoil de chuid An Foras Pátrúnachta í Gaelscoil Átha Í. (Tuilleadh faoin scoil)
Spriocdháta:
Dé hAoine, 5 Meitheamh 2026
Iarratas & Eolas Eile:
- Tá iarratais ar ról airígh páirtaimseartha (suas go 10 n-uair a chloig in aghaidh na seachtaine) á lorg ag Bord Bainistíochta Ghaelscoil Átha Í.
- Bíonn gearradh féir, garraíodóireacht, cothabháil an fhoirgnimh agus na saoráidí lasmuigh (lena n-áirítear péinteáil agus deisiúcháin), teagmháil a dhéanamh le ceardaithe gairmiúla agus dualgais eile mar is gá i gceist leis an ról.
- Tá aon tairiscint fostaíochta faoi réir grinnfhiosrúcháin na nGardaí.
- Tá sé riachtanach go mbeadh Dearbhú Reachtúil bailí ag an duine a cheapfar agus go gcomhlánódh siad an Fhoirm Ghealltanais.
- Litir Iarratais
- Réiteoirí (ainm, ról, uimhir theagmhála.)
- CV (Digiteach)
https://www.educationposts.ie/post/view/253292
Tuilleadh eolais mar gheall ar mhúineadh i scoil lán-Ghaeilge:
- An bhfuil suim agatsa múineadh i scoil lán-Ghaeilge? Féach ar an bhfíseán seo: https://www.youtube.com/watch?v=uezsgWKvvfs
- Tuilleadh folúntas i scoileanna de chuid An Foras Pátrúnachta ar fáil anseo

