FOLÚNTAS: Clárbhainisteoir, Foraois

Jill Mc Mahon

18/06/2025

Folúntais | Nuacht ar Fad

Is scéim phíolótach nua í Foraois atá á forbairt ag Conradh na Gaeilge i gcomhar le Comhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath agus leis an Roinn Oideachais & Óige. Díreoidh Foraois ar ghaelphobail a fhorbairt timpeall ar Ghaelscoileanna, ag cinntiú go bhfuil rogha clár agus cumann trí Ghaeilge ar fáil do pháistí lasmuigh de gheataí na scoile ina bpobail féin.

Is deis iontach í seo úinéireacht a thogáil ar cheann de na scéimeanna is spleodraí atá tagtha chun cinn tamall de bhlianta. Teastaíonn duine uainn le huaillmhian ina gcroí, duine a bhfuil fonn air samhail a chruthú is féidir a leathnú mórthimpeall na tíre.

Beidh an duine lonnaithe in Oir-Thuaisceart Bhaile Átha Cliath timpeall na scoileanna seo:
Gaelcholáiste Reachrann, Gaelscoil Cholmcille, Gaelscoil Ghráinne Mhaol, Gaelscoil Míde, Scoil Neasáin.

Beidh an té a cheapfar fostaithe ag Conradh na Gaeilge, díreoidh siad ar fhás agus ar fhorbairt ‘Foraois’ sa líonra scoileanna seo.

Cur síos ar an bpost: (Lean an nasc thíos)

Clárbhainisteoir – Pobal & Óige, Foraois

Spriocdháta:
Is gá CV agus litir chumhdaigh a chur chuig post@cnag.ie faoin 27 Meitheamh 2025 ag 11:00