
Ceannaire Rannpháirtíochta Oideachais d’Éirinn (Saor-Oiliúnóir Éireannach)
An bhfuil dlúthspéis agat eispéiris foghlama éifeachtacha a thiomáint i scoileanna na hÉireann?
An duine eagraithe agus muiníneach tú a bhfuil spéis agat i dtacú le múinteoirí?
Tá tairiscint á dhéanamh ag Giglets, comhlacht teicneolaíochta oideachais a bhfuil raidhse gradam buaite aige agus a bhfuil ardán ar líne deartha aige chun scileanna litearthachta agus teanga a chur chun cinn, deis iontach féinfhostaithe i gcomhair Ceannaire Rannpháirtíochta Oideachais in Éirinn.
Tá an comhlacht, aitheanta le Gradam Gnó Digiteach don Oideachas agus don Oiliúint in Albain, ag obair i gcomhar le
500 scoil sa Ríocht Aontaithe. Tá ríméad ar Giglets a bheith ag obair le scoileanna in Éirinn, lena n-airítear tacaíocht tionscadail faoi leith ó COGG, chun obair go dlúth le 25 scoil aitheanta ar a laghad.
Mar Cheannaire Rannpháirtíochta Oideachais, beidh ríthábhacht le do ról ag tacú le lucht oideachais, ag cothú caidrimh, agus ag reachtáil seisiúin oiliúna éifeachtacha ar líne agus go pearsanta.
Príomhchúraimí:
- Seisiúin oiliúna spreagúla a reachtáil agus oibriú i gcomhar leis an bhFoireann Rannpháirtíochta Oideachais níos leithne faoi ábhar tacaíochta sa bhreis de réir mar is gá.
- Caidrimh dhearfacha a chothú agus tacaíocht leanúnach a sholáthar do mhúinteoirí agus do scoileanna.
- Taifid oiliúna a choimeád agus aiseolas a roinnt le Foireann Rannpháirtíochta Oideachais níos leithne de chuid Giglets.
Tá iarrthóir á lorg againn le:
- Inniúlacht sa Ghaeilge.
- Taithí mar bhunmhúinteoir in Éirinn agus tuiscint láidir ar Churaclam Teanga na Bunscoile.
- Taithí ceannaireachta curaclaim, go háirithe sa litearthacht, ag tacú le Riachtanais Speisialta Oideachais nó foghlaim dhigiteach.
- Scileanna láidre eagraíochta agus cumarsáide don chiansuíomh agus suíomh pearsanta araon.
- Inniúlacht in uirlisí ICT agus cur chuige réamhghníomhach maidir le forbairt scileanna.
- Díograis atá dírithe ar shonraí a thacóidh le daltaí, múinteoirí agus scoileanna.
Cúiteamh:
- €250 in aghaidh an tseisiúin oiliúna tugtha, agus súil le 5-10 seisiún in aghaidh na bliana
- Costais taistil
- Ráta iomaíoch in aghaidh na huaire d’am breise atá ag teastáil, mar shampla, ionduchtú tosaigh agus oiliúint táirge
Cuir do CV agus litir tosaigh chuig support@giglets.com.
Tuilleadh eolais anseo
