FOLÚNTAS: Múinteoir Ranga & CRS, Gaelscoil Longfoirt, an Longfort
Tá na folúntais seo lonnaithe i Fearann Uí Dhuagáín, an Longfort, N39 TW62
Ról:
- Múinteoir Ranga Príomhshrutha
- CRS (Cúntóir Riachtanas Speisialta)
Scoil:
Gaelscoil Longfoirt, Fearann Uí Dhuagáín, an Longfort, N39 TW62
Is scoil de chuid An Foras Pátrúnachta í Gaelscoil Longfoirt. (Tuilleadh faoin scoil)
Spriocdháta:
- Dé Máirt, 18 Lúnasa 2026
- Dé Luain, 24 Lúnasa 2026
Iarratas & Eolas Eile:
Féadfar painéal inmheánach d’iarratasóirí oiriúnacha a bhunú chun folúntais a líonadh a d’fhéadfadh teacht chun cinn laistigh de thréimhse ama ar leith ón dáta a fhaomhfaidh an Bord an t-iarrthóir rathúil (ceithre mhí i gcás poist mhúinteora agus fad na scoilbhliana do phoist CRS).
Tá dhá Rang Uathachais sa scoil. D’fhéadfadh obair i ranganna príomhshrutha agus/nó ranganna speisialta a bheith i gceist leis an bpost seo.
Is scoil lán-Ghaeilge í Gaelscoil Longfoirt le dhá rang speisialta uathachais. Ní mór d’iarrthóirí tacú go gníomhach le héiteas Gaelach na scoile agus a bheith tiomanta dá gcuid Gaeilge féin a fhorbairt agus a fheabhsú.
- Tuilleadh eolais (Múinteoir): https://educationposts.ie/post/view/260070
- Tuilleadh eolais (CRS): https://educationposts.ie/post/view/260520
Tuilleadh eolais mar gheall ar mhúineadh i scoil lán-Ghaeilge:
- An bhfuil suim agatsa múineadh i scoil lán-Ghaeilge? Féach ar an bhfíseán seo: https://www.youtube.com/watch?v=uezsgWKvvfs
- Tuilleadh folúntas i scoileanna de chuid An Foras Pátrúnachta ar fáil anseo

