Foirgneamh Nua do Ghaelscoil Chluain Meala

Jill Mc Mahon

23/06/2022

Cóiríocht | Nuacht ar Fad

Osclaíodh foirgneamh nua Gaelscoil Chluain Meala inné ag Paidí Ó Lionáird ó TG4. Is scoil de chuid An Fhorais Phátrúnachta í atá lonnaithe sa Bhaile Gaelach i gCluain Meala.  Tá an fhoirgneamh nua feistithe le réimse leathan áiseanna den chéad scoth.

Ag labhairt linn inné, dúirt Karen Mhic Gearailt, príomhoide na scoile “Tá lúcháir orainn go bhfuil doirse ár bhfoirgneamh scoile úrnua oscailte faoi dheireadh againn. Seo mar thoradh ar 27 bliana d’obair mhór na dtuismitheoirí, na foirne, an Bhoird Bainistíochta agus ár bpátrún, An Foras Pátrúnachta. Is ábhar misnigh é go bhfuil an Ghaeilge ag fás léi sa cheantar seo, agus go bhfuil an oiread sin daltaí ag foghlaim trí Ghaeilge le chéile. Táimid ag tnúth le fáilte a chur roimh go leor teaghlach nua inár scoil nua.”

Bhí an ghaelscoil lonnaithe i gcóiríocht shealadach ó 1994. Taistealaíonn  daltaí ó chúig pharóiste dhéag chun oideachas a fháil trí mheán na Gaeilge i nGaelscoil Chluain Meala.. Ag labhairt ann inniu, dúirt Caoimhín Ó hEaghra, Ard-Rúnaí An Fhorais Phátrúnachta: “Tá an t-éileamh ar an ngaelscolaíocht ag fás i gcónaí. Freastalóidh an foirgneamh nua seo ar an bhfás ar an ngaelscolaíocht go háitiúil. Tuigeann tuismitheoirí níos mó ná riamh na buntáistí breise a chuireann an tumoideachas ar fáil – éiríonn níos fearr le daltaí go hacadúil, bíonn sé níos fusa an tríú teanga a fhoghlaim agus baineann siad leas as deiseanna fostaíochta níos fearr. Tá ríméad orainn tús a chur leis an gcaibidil nua seo i nGaelscoil Chluain Meala. Tá scoileanna faoin bhForas ag cur oideachais ar 17,000 dalta agus tá ár scoileanna oscailte do chách. Tá sé mar aidhm againn oideachas den scoth trí Ghaeilge a chur ar fáil do gach páiste in Éirinn atá á iarraidh.”

CRÍOCH

Teagmháil: Karen Mhic Gearailt, Príomhoide Teil: 0526127271 • Beidh agallaimh ar fáil le príomhoide na scoile Karen Mhic Gearailt, Caoimhín Ó hEaghra ar son na heagraíochta, An Foras Pátrúnachta, agus le tuismitheoirí agus daltaí ach iad a iarraidh. • Beidh an Grianghrafadóir John D Kelly ag eisiúint grianghraif chuig na meáin