
Bhailigh príomhoidí is cathaoirligh ó scoileanna An Foras Pátrúnachta i gCaisleán Dhún Búinne, Dé hAoine seo caite, 28 Márta do Chomhdháil Bhliantúil na bPríomhoidí agus na gCathaoirleach.
Gabhaimid ár mbuíochas le gach príomhoide is cathaoirleach a d’fhreastal ar an lá, ach go háirithe leo siúd atá nua sa ról – bhí sé go hálainn bualadh libh i bpearsan.
Ba mhaith linn buíochas ar leith a ghabháil le daltaí Ghaelscoil Thulach na nÓg a chur scoth an cheoil ar fáil maidin na comhdhála, lenár gcainteoirí a chuir eolas luachmhar ar fáil dár scoileanna (faigh na sleamhnáin uile thíos) chomh maith le Seán Ó Mainnín a rinne grianghrafadóireacht ar an lá.
Buíochas ó chroí lenár n-urraitheoirí ar fad a bhí fial flaithiúil leis na duaiseanna a chur siad ar fáil dúinn i mbliana: COGG, Promethean & GDK, Allianz, Howden agus Mason Hayes & Curran.


























































































