ESB Bleaist Eolaíochta 2023

Jill Mc Mahon

09/01/2023

Imeachtaí | Nuacht ar Fad

Déan iarratas roimh an Aoine, 13 Eanáir 2023

Tá go dtí 13 Eanáir ag scoileanna cur isteach ar Lá na nGaelscoileanna ag Bleaist Eolaíochta 2023.

Is cúis áthais dúinn lá speisialta do ghaelscoileanna a eagrú i gcomhpháirt leis an RDS & COGG.

Táimid lán-sásta tacaíocht a thabhairt don ócáid agus don lá speisialta seo, lá gur féidir le scoileanna lán-Ghaeilge teacht le chéile agus molaimid do gach scoil páirt a ghlacadh ann.

Chun cabhrú le costais taistil a íoc, beidh deontas de €100 ar fáil ón RDS agus €100 eile ó An Foras Pátrúnachta do gach gaelscoil agus scoil ghaeltachta a bheidh i láthair ar an lá (€200 san iomlán).

Seolfar amach eolas faoi conas an deontas ó COGG / An Foras Pátrúnachta a fháil i mhí Feabhra. Má bhíonn aon cheist agat faoin ócáid seo, ná bíodh leisce ort dul i dteagmháil le foireann an RDS trí na sonraí teagmhála seo – scienceblast@rds.ie. Beidh siad breá sásta cabhrú leat.

Tuilleadh eolais anseo