Maisc & Clúdaigh Aghaidhe

Jill Mc Mahon

24/01/2022

Ciorcláin | Nuacht ar Fad

Mar a mholadh do scoileanna cheana, is féidir leat do mhaoiniú caipitíochta Covid-19 a úsáid chun trealamh cosanta pearsanta (TCP), i measc rudaí eile, a sholáthar don chohórt foirne sa scoil.

Maidir le húsáid maisc aghaidhe, tá athbhreithniú déanta ag NPHET ar an gcomhairle a tugadh cheana maidir le clúdaigh aghaidhe i gcomhthéacs an athraithigh Omicron. Tá sé seo leagtha amach sa litir is déanaí ó NPHET chuig an Aire Sláinte. Tá sé curtha in iúl ag an bpríomhoifigeach leighis go dtugann gach clúdach aghaidhe, lena n-áirítear clúdaigh éadacha aghaidhe, cosaint shuntasach i gcoinne Covid-19. Molann an príomhoifigeach leighis chomh maith gur cheart d’aon duine ar mian leis/léi masc aghaidhe de ghrád leighis nó masc riospráide a chaitheamh in ionad masc éadach, é sin a dhéanamh.

Sa chás gur fearr leis an bhfoireann maisc aghaidhe de ghrád leighis a úsáid, i.e maisc 3-shraith indiúscartha a bhfuil an marc CE orthu (e.g. Caighdeán AE EN14683), nó maisc riospráide a úsáid (m.sh. maisc FFP2), tá an dá chineál maisc ar fáil tríd an gcreat soláthair atá ar fáil do scoileanna. Ar mhaithe le héascaíocht tagartha, tá na soláthraithe seo agus na cóid táirgí ábhartha á n-athlua thíos.