1/12/14 Scléip Gael Linn 20151/12/14 Scléip Gael Linn 2015

Jill Mc Mahon

01/12/2014

Uncategorized

GS Chill Dara scléip 1

 

Scléip Gael Linn 2015

Congratulations to the secondary schools under the patronage of the Foras who took part in Scléip Gael Linn 2015 recently – Coláiste Ghlór na Mara, Baile Brigín, Meánscoil Gharman, Inis Corthaidh agus Gaelcholáiste Chill Dara.

Scléip is a fun and exciting talent competition, aimed solely at post primary schools lán-Ghaeilge. Students get a chance to perform music, singing, dancing  and self composed sketches on a stage in front of an audience and professional judges, in theatres all over the country.

GS Chill Dara scléip 2 spéirling

Judging the talent in the East regional round were Sibéal Davitt, one of Irelands leading sean nós professionals, and Cian Mac Cárthaigh, a presenter for Raidió na Life. The East Region bout was held in the Clasach theatre in Fairview, Dublin on Tuesday, 24th November.

We're wishing lots of luck to the students from the group 'An bhuíon gan Chewy', (above) from Meánscoil Gharman, who wil be going to the final of the competition on the 24th January 2015.

 

 

Scléip Gael Linn 2015

GS Chill Dara scléip 1

Comhghairdeas leis na meánscoileanna faoi phátrúnacht an Fhorais a ghlac páirt sa chomórtas Scléip Gael Linn 2015 le déanaí – Coláiste Ghlór na Mara, Baile Brigín, Meánscoil Gharman, Inis Corthaidh agus Gaelcholáiste Chill Dara.

 

Is éard atá i Scléip ná comórtas tallainne spreagúil agus spraíúil atá dírithe go sonrach ar na hiarbhunscoileanna lán-Ghaeilge. Bíonn deis ag daltaí ceol, amhráin, cóiréagrafaíocht agus sceitsí nuachumtha a chur ar stáitse os comhair lucht féachana agus moltóirí proifisiúnta, in amharclanna ó cheann ceann na tíre.

Sibéal Davitt, rinceoir sean nós proifisiúnta,  agus Cian Mac Cárthaigh, ó Raidió na Life, na moltóirí a bhí ann ag réamhbhabhta réigiúnach an oirthir, a bhí ar siúl in amharclann Clasach, Fionnradharc, Baile Átha Cliath ar an Mháirt, 24 Samhain.

GS Chill Dara scléip 2 spéirling

Guímid gach rath ar na daltaí ón ngrúpa ‘An bhuíon gan Chewy’, (thuas) Meánscoil Gharman, a bheidh ag dul ar aghaidh go dtí craobhchomórtas ar an 24 Eanair 2015.