Diana Award Anti-Bullying Showcase held at Facebook HeadquartersTaispeántas frithbhulaíochta an Diana Award i gceanncheathrú Facebook

Jill Mc Mahon

May 2, 2014

Uncategorized

Diana  Award pic cropped

Facebook headquarters Dublin was the venue for the recent Diana Award Anti-Bullying Campaign Showcase

The Diana Award was established in 1999 in memory of Diana, Princess of Wales, Princess Diana believed that young people had the power to change the world.

Alex Holmes, Diana Award Anti Bullying Programme Manager, was first to welcome everybody to the event.

The Diana Award has teamed up with Facebook to promote its Anti-Bullying Campaign both on and offline. The main focus is to make pupils and parents aware of the cyberbullying and the importance of protecting personal information while online.

“You wouldn’t share your toothbrush, so don’t share your personal information online” said an Anti-Bullying Ambassador.

Anti-Bullying Ambassadors are trained students within schools. Victimised, bullied, lonely or upset pupils can approach Anti Bullying Ambassadors with their problems. Students can confide in them on an equal level if they are too afraid to go to a teacher or Principal for help.

The Anti-Bullying Ambassadors provide a network of support for vulnerable pupils.

Frances Fitzgerald, Minister for Children and Youth Affairs, gave a positive and inspiriting anti bullying speech.

The event was attended by a number of celebrities such as singer Brian Mc Fadden, actor Will Poulter (‘We are the Millers’) Lord Mayor of Dublin, Oisín Quinn, and Caroline Downey. There were musical performances by Fresh Ré and Jordan O’Keefe, all of whom have suffered some form of bullying.


Diana  Award pic cropped

Reáchtáil lucht an Diana Award sárthaispeántas ar fhrithbhulaíocht i gceanncheathrú Facebook i mBaile Átha Cliath le déanaí.

Bunaíodh an Diana Award sa bhliain 1999 I gcuimhne Diana, banphrionsa na Breataine Bige. Chreid sí gur féidir le daoine óga tionchar ollmhór a bheith acu ar an domhan.

Chuir Alex Holmes, bainisteoir chlár frithbulaiochta an Diana Award, fáilte roimh an slua chuig an ócáid.

Tá lucht an Diana Awards agus Facebook ag comhoibriú lena chéile chun feachtas frithbhulaíochta a spreagadh i scoileanna agus ar líne. An príomhchuspóir atá leis ná tuismitheoirí agus daltaí a chur ar an eolas faoi chibearbhulaíocht agus an tábhacht a bhaineann le heolas pearsanta a chosaint ar líne.

“Ní roinnfeá do scuab fhiacla, ná roinn d’eolas pearsanta ar líne” arsa Ambasadóir frithbhulaíochta amháin.

Is daltaí a bhfuil oiliúint frithbhulaíochta curtha orthu iad na hAmbasadóirí frithbhulaíochta. Is féidir le daltaí atá trína chéile, atá ina n – íospartaigh, nó atá uaigneach labhairt leis na hAmbasadóirí frithbhulaíochta. Tugann sé deis do dhaltaí atá ró-bhuartha labhairt le múinteoir nó le príomhoide cabhair a fháil.
Cuireann na hAmbasadóirí frithbhulaíochta líonra tacaíochta ar fáil do dhaltaí leochaileacha.

Thug an tAire Leanaí agus Gnóthaí Óige, Frances Fitzgerald óráid a bhí iontach spreagúil agus dearfach faoi frithbhulaíocht.

Bhí go leor daoine mór le rá i láthair ag an ócáid; an t-amhránaí Brian Mc Fadden, an t-aisteoir Will Poulter (‘We are the Millers’) , Ard Mhéara Bhaile Átha Cliath, Oisín Quinn agus Caroline Downey ina measc. Sheinn an banna ceoil Fresh Ré agus an ceoltóirJordan O’Keefe ceol. Thug siad le fios go ndearnadh bulaíocht de shaghas éigin orthu agus iad agus fás aníos.