Tar éis chinneadh an Rialtais an 19 Eanáir 2022 tá lá saoire poiblí á thabhairt ar an 18 Márta 2022 mar aitheantas ar iarrachtaí an phobail i gcoitinne agus oibrithe thúslíne na hÉireann le linn na paindéime COVID-19 agus i gcuimhne orthu siúd a chaill a mbeatha de dheasca na paindéime COVID-19.
Ina theannta sin tá cinneadh déanta ag an Rialtas chomh maith go mbeidh lá saoire poiblí bliantúil nua ó 2023 mar cheiliúradh ar Imbolc/Lá Fhéile Bríde, a thionólfar ar an gcéad Luan i ngach Feabhra, ach amháin sa chás go dtiteann an 1ú lá d’Fheabhra ar an Aoine, agus sa chás sin beidh an lá sin ina lá saoire poiblí. Is ar an Luan 6 Feabhra 2023 a bheidh an chéad lá saoire poiblí sin. Laghdófar an scoilbhliain ó 183 go 182 lá do bhunscoileanna agus ó 167 go 166 lá d’iarbhunscoileanna. Beidh sé seo i bhfeidhm don scoilbhliain reatha 2021/22. Ní bheidh tionchar ag an lá saoire bainc breise seo ar na sosanna caighdeánacha atá leagtha amach i gciorclán 0005/2020.
Eiseofar ciorclán maidir leis seo go luath.