[:en]Gael-linn schemes, competitions and resources for 2017/18[:GA]Rogha scéimeanna, comórtais agus áiseanna ag Gael Linn do 2017/2018[:]

Jill Mc Mahon

08/09/2017

Uncategorized

[:en]As this post is directed at our schools, the post is only available in Irish.

 

[:GA]Rogha scéimeanna, comórtais agus áiseanna  ag Gael Linn do 2017/2018 !

Agus an scoilbhliain nua faoi lánseol, beidh Gael Linn ag cur scéimeanna, comórtais agus áiseanna ar fáil arís chun tacú leis an obair iontach atá á dhéanamh ag múinteoirí Gaeilge ar fud na tíre ! Beidh deis ag lucht bunscoile agus iar-bhunscoile páirt a ghlacadh sna scéimeanna éagsúla do dhaoine óga  idir cheol, díospóireachtaí agus caint phoiblí, seónna scoile agus tallainne, a bhformhór atá urraithe ag Foras na Gaeilge. Is féidir clárú d’imeachtaí agus tuilleadh eolais a fháil ar shuíomh idirlín Gael Linn
www.gael-linn .ie ) nó ó 01/6751200.

Seo a leanas na príomhimeachtaí agus na háiseanna éagsúla a bheidh ar fáil do scoláirí Ghaelscoileanna agus Gaelcholáistí  le linn 2017/2018:

Coirm: Féilte siamsaíochta stáitse ar fud na tíre dírithe ar Ghaelscoileanna agus ar bhunscoileanna Gaeltachta. Glacfar le seónna ( 20 nóiméad ar fhaid ) i bhfoirm scoraíochta, cabaret, ceoldráma, dráma nó sceitse. Ní comórtas atá i gceist le COIRM ach tabharfar aitheantas (i bhfoirm ghradaim) do sheónna nó do mhíreanna as seónna a léiríonn ardchaighdeán ag na Féilte.
www.gael-linn.ie/Coirm

Comórtas Díospóireachta Uí Chadhain: Comórtas díospóireachta do iar-bhunscoileanna ina bhfuil an Ghaeilge mar mheán teagaisc iontu. Triúr a bhíonn ar fhoireann agus beidh dhá dhíospóireacht ar a laghad ag gach foireann.  NB! DÁTA DEIRIDH IONTRÁLA- 18 MEÁN FÓMHAIR 2017   www.gael-linn.ie/UiChadhain

Scléip: Comórtas tallainne dírithe ar iar-bhunscoileanna lán-Ghaeilge -an bhéim ar chomhaimsearthacht. Réamhbhabhtaí i mBaile Átha Cliath, Gaillimh, Mainistir Fhear Maí agus Muineachán i mí na Samhna. Dáta deiridh iontrála – Dé Luain, 23 Deireadh Fómhair.
www.gael-linn.ie/Scleip

Siansa: Comórtas agus ceardlanna ceoil do ghrúpaí traidisiúnta le ceoltóirí óga idir 12 agus 19. Craobhchomórtas sa Cheoláras Náisiúnta, le duaischiste €4,500. Dáta deiridh iontrála – Dé Céadaoin, 1 Samhain 2017.
www.gael-linn.ie/Siansa

Foilseacháin Gael Linn: Foilsíonn Gael Linn sraith de théacsleabhair a mbíonn an-tóir orthu ag ranganna a bhíonn ag gabháil don Ardteistiméireacht agus don Teastas Sóisearach. Foilsítear Dréimire agus Staighre i sé chaibidil i rith na scoilbhliana. FoilsítearSplanc, atá dírithe ar an Idirbhliain, i 3 chaibidil, ceann in aghaidh an téarma agus bíonn an t-ábhar i gcónaí suas chun dáta.
www.gael-linn.ie/foilseachain

An Fáinne:Tá Gael Linn i mbun dáileadh ar An Fáinne. Is do dhaoine le cumas bunúsach sa Ghaeilge atá an Fáinne Airgid. Léiríonn an Fáinne Óir go bhfuil líofacht sa Ghaeilge ag duine. Tá an suaitheantas Cúpla Focal ar fáil dóibh siúd ar bheagán Gaeilge ach atá bródúil as an gcúpla focal sin. Tá An Fáinne an-oiriúnach mar aitheantas ag deireadh na bliana do dhaltaí a rinne iarracht mhaith Gaeilge a labhairt le linn na bliana.

www.gael-linn.ie/siopa

 

[:]